0 Earra

Dhá chéad caoga bliain tar éis bhás Airt Uí Laoghaire, is é mórchaoineadh Eibhlín Dubh Ní Chonaill a bheidh idir camáin ag na scoláirí ag an gComhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon leis an gcaoineadh mar sheánra agus le hoidhreacht liteartha na Gaeilge i gCúige Mumhan san 18ú agus sa 19ú haois.

Portrait, portráidComóradh 250 bliain ar bhás Airt Uí Laoghaire

Caoineadh a chum Eibhlín Dubh Ní Chonaill, go príomhdha, ar bhás a fir chéile Art Ó Laoghaire ar an 4 Bealtaine 1773 is ea Caoineadh Airt Uí Laoghaire. Dúnmharaíodh Art i gCarraig an Ime, Contae Chorcaí agus tá an caoineadh ar cheann de na príomhshaothair gcorpas litríocht bhéil na Gaeilge.

Sa bhliain 1963, d’fhoilsigh Seán Ó Tuama an móreagrán scolártha Caoineadh Airt Uí Laoghaire, agus sa bhliain 1975 rinne Bob Quinn scannán den chaoineadh.Caoineadh Airt Uí Laoire ina raibh Seán Bán Breathnach agis Caitlín Ní Dhonnchú sna príomhpháirteanna.

Gach uile ghné den chaoineadh á plé

Is ar an Satharn 7 Deireadh Fómhair 2023 a reachtálfar an chomhdháil, agus is í an tOllamh Meidhbhín Ní Úrdail a thabharfas aoileacht na cvomhdhála, Eoghan ‘an Mhéirín’ Mac Cárthaigh: cuisle d’fhuil bhoirb na gCárthach aoird.

Ar aoiphainéal an lae. tabharfaidh an tOllamh Angela Bourke an léacht ‘Ó ghlúin go glúin: Seilbh á ghlacadh ar Chaoineadh Airt Uí Laoghaire, 1773-2023’, agus tabharfaidh an tOllamh Tríona Ní Shíocháin an léacht: ‘Cleachtas na cumadóireachta béil agus cuisle fhrithchoilíneach Chaoineadh Airt Uí Laoghaire’. Is i dTéatar Chearbhalláin na hollscoile a bheidh na príomhléachtaí.

Réimse mór scoláirí i láthair

portraid, portraitBeidh léachtaí gearra iar an ábhar céanna á dtabhairt in Áras na Gaeilge ag na scoláirí Máirín Nic Eoin, Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, Róisín Ní Ghairbhí, Rióna Ní Fhrighil, Tomás L. Ó Murchú, Máire Ní Annracháin (ar líne), Deirdre Nic Mhathúna agus Eoghan Ó Caoimh. agus Máirín Nic Fhionghuin. Agus labhróidh an Dr Radvan Markus ar Mháirtín Ó Cadhain mar údar idirnáisiúnta.

Seisiún aonlae a bheidh sa chomhdháil i mbliana, agus seolfaidh an tOllamh Máirín Nic Eoin leabhar nua Radvan Markus, Carnabhal na Marbh ag an gcomhdháil.