0 Earra

Faoi dheireadh is faoi dheoidh, tá Carnabhal mór Radvan ar fáil! Seo í an mórshaothar faoi Chré na Cille leis an scoláire  a d’aistrigh Cré na Cille go dtí an tSeicis, Radvan Markus. An té a bhfuil suim aige i nualitríocht na Gaeilge, nó san aistriúchán, beidh tóir aige ar an leabhar taighde seo a phléann úrscéal mór Mháirtín Uí Chadhain Cré na Cille i gcomhthéacs na tréimhse ina bhfuil aistriúcháin ar an úrscéal á scaipeadh go hidirnáisiúnta.

Portráid den udar | Portrait of the authorCré na Cille sa Chomhthéacs Idirnáisiúnta

Tagann Carnabhal na Marbh: Cré na Cille agus Litríocht an Domhain i dtír ar ghnéithe éagsúla den chur chuige teoiriciúil – an carnabhalachas, an insint chiclipéideach agus an reiceolaíocht ina measc – chun áit an tsaothair i gcanóin litríocht an domhain a mheas.

Ag an am céanna, lonnaíonn an saothar seo tréithe éagsúla Cré na Cille i gcomhthéacs scríbhinní eile Uí Chadhain, idir fhoilsithe agus neamhfhoilsithe, agus pléann sé an ceangal idir an t-úrscéal agus traidisiúin chultúrtha na hÉireann, an béaloideas, an litríocht agus an ceol.

Tour de Force ar an gCadhnach

Carnabhal na Marbh, Clúdach leabhair | Book cover.Tugtar léargas freisin in Carnabhal na Marbh ar áit Uí Chadhain i measc nua-aoisithe Éireannacha eile a bhfuil cáil dhomhanda bainte amach acu le fada – James Joyce, Samuel Beckett agus Brian Ó Nualláin.

Tour de force is ea an leabhar seo; an leabhar is fearr — gan aon cheist — ar an gCadhnach go dtí seo, agus ní hamháin sin ach tá sé i measc na leabhar taighde is fearr sa Ghaeilge le fada an lá. Athraíonn an saothar seo an plé, an díospóireacht agus an dioscúrsa faoi Chré na Cille ón mbonn aníos.” — An tOllamh Brian Ó Conchúbhair

“Saothar cumasach bunúil atá anseo atá bunaithe ar léitheoireacht fhairsing agus ar chomhthéacsú cumasach. Tuigeann an t-údar mórshruthanna smaointeoireachta agus liteartha a linne, agus go deimhin na ceisteanna a bhí ag dó na geirbe ag an aos liteartha agus intleachta sa domhan thiar fré chéile i gcaitheamh an 20ú haois, agus suitear a anailís ar Cré na Cille sa gcomhthéacs leathan sin.” — An tOllamh Gearóid Denvir

Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.