Tá Rentrée Littéraire Leabhar Breac faoi lán seoil anois agus an chéad dá leabhar eile ar liosta léitheoireachta an fhómhair, Fiche, úrscéal le Colm Ó Ceallacháin, agus Bódléar, úrscéal le Darach Ó Scolaí, á réiteach le seoladh amach chuig siopaí leabhar fud fad na tíre!

Próifíl, profile, Colm Ó CeallacháinFiche: “Scéal Grá atá Beagán Difriúil!”

Úrscéal Fiche a suitear i stair chomhthreomhar, in Éirinn sna 60dí agus sna 70dí agus í faoi cheannas na deachtóireachta a tháinig chun cinn tar éis Chogadh na Saoirse. Samhradh na bliana 1969, tugtar triúr ógánach le chéile ar thránna iarthar Chorcaí, triúr a n-athraítear a saol ó bhonn nuair a thagann an ceathrú duine ina measc, garmhac an Ghinearáil.

Deich mbliana níos deireanaí a thagann deireadh leis an scéal, agus an Ginearál ar leaba a bháis. Scéal grá agus tragóid é seo a suitear i saol atá difriúil, ach nach bhfuil ródhifriúil, le saol ár linne féin.

Úrscéalaí Sciliúil Mealltach

“Tá úrscéalaí sciliúil anseo,” a deir an Dr Róisín Ní Ghairbhí faoin leabhar, “a thuigeann conas fiosracht a mhúscailt agus léitheoir a mhealladh isteach i scéal … Ón gcéad radharc táimid gafa ag scéal a nochtann de réir a chéile – Éire faoi dhaorsmacht agus domhan coimhthíoch ann a n-éiríonn leis, mar sin féin, an léitheoir a mhealladh go hiomlán toisc a fheabhas agus a dhéanann an scríbhneoir ionramháil ar charachtair agus ar dheiseanna na húrscéalaíochta.” —

“Scéal breá é seo,” dar leis an úrscéalaí Liam Mac Cóil, “scéal grá agus caidrimh, suite in Éirinn atá beagán difriúil ón tír a bhfuil taithí againn uirthi.”

Darach Ó Scolaí, portráid, portraitBódléar: “Saothar álainn míorúilteach”

Úrscéal éadrom greannmhar é Bódléar, rómáns a suitear i mbaile beag ar an gcósta thiar san 19ú haois. Gach samhradh, cumann an máistir scoile dán ar son mhuintir an bhaile agus beireann ó dheas leis é chuig Cúirt Mhór na bhFilí i gCúige Mumhan. Bíonn súil mhór abhaile leis féin agus leis na hamhráin nua a dtugann sé ar ais leis, agus reachtáiltear oíche mhór le fáilte abhaile a chur roimhe.

Ach i mbliana, tá Bódléar tagtha aneas agus cantal air. As seo seo amach, cumfaidh sé “filíocht nua,” a deir sé, “filíocht níos fírinní!” Ach nuair a chloistear na dánta nua seo “gan rím gan rithim”, tagann uafás ar mhuintir an bhaile….

“Gach caibidil níos pléisiúrtha ná a chéile”

“Nóibhille cruthaitheach samhlaíoch a thugann an léitheoir siar go dtí Éire Ghaelach na hochtú haoise déag agus a bhaineann macalla ní hamháin as filíocht Ghaeilge na tréimhse sin, ach as úrscéalta clasaiceacha na fichiú aoise chomh maith. Tá an teanga fíorálainn saibhir is gluaiseann an scéal ar aghaidh ina chaibidlí gearra gonta, gach ceann acu níos pléisiúrtha ná a chéile. Áireofar Bódléar mar chlasaic den seánra, ní amach anso, ach láithreach bonn.” — Breandán Ó Cróinín

“Is saothar álainn míorúilteach é seo ina ndéantar pósadh idir an léann agus an daonnacht, an fhírinne shuthain agus an stair ghiongach. Agus comhcheol na nGael agus na bhFrancach á chasadh ag an údar, éiríonn leis cúpla sonc a thabhairt d’fhileadóirí an lae inniu feadh na slí, rud nach miste in aon chor.” — Aifric Mac Aodha

Beidh an dá leabhar ar fáil i siopaí maithe leabhar fud fad na tíre faoi thús mhí na Samhna.