0 Earra

Tagtha te bruite as na clódóirí — leabhar mór Anraí Mhic Giolla Chomhaill, Díolaim Próis 1450-1850 agus í faoi chló agus faoi chlúdach breá nua.

Portrait of author Anraí Mac Giolla ChomhaillSleachta as prós-scríbhneoireacht na Gaeilge sa ré 1450-1850 (faoi litriú na haoise seo) atá sa díolaim nó sa chnuasach clúiteach seo le hAnraí Mac Giolla Chomhaill — nó an tAthair Harry mar ab fhearr aithne ar an scoláire Gaeilge as Doire a cailleadh anuraidh.

San eagrán nua seo tá nóta beathaisnéise leis an Ollamh Malachy Ó Néill a dhéanann mionchur síos ar shaol is ar athair an tsagairt.

Liosta le hÁireamh

Ar na téacsanna atá anseo againn tá sliocht as Regimen na Sláinte le Donncha Óg Ó hÍcí (1469), Beatha Choilm Cille (a leagtar ar Mhánas Ó Donaill, 1532), litir Sheáin Uí Néilll chuig an Iarla Sussex (1561), sliocht as Foirm na nUrnaithe Coitianta leis an bhfathach Albanach Seon Carsuell (1567), sliocht as Imeacht na nIarlaí le Tadhg Ó Cianáin (1609), litir clamhsánach ó na manaigh i bPrág (1641), sliocht as bíobla Bhedell (1685) ceann de sheanmóirí Uí Ghallchobhair (1733), agus mír fhealsúnachta le hAodh Mac Donaill (1850).

Engraving of ruined church from book coverSpiorad Raibiléiseach na dTéacsanna

Maidir leis na téacsanna sa díolaim seo, i bhfocail an eagarthóra, “tá teannas agus dáiríre thar an choitiantacht ag baint leis an chuid is mó de na téacsanna, go speisialta leis an saothar cráifeach. Is minic gruaim ar na húdair, cionn is go bhfuil an náisiún Gaelach agus an teanga ag meath.

“Ach os a choinne sin, tá spiorad raibiléiseach na dtéacsanna aoracha againn, agus spiorad rómánsúil na meánaoiseanna sna leabhair a cumadh faoi thionchar litríocht na Mór-Roinne; agus tá sárstílithe ar nós Chéitinn agus Mhic Aingil ar mór an pléisiúr dúinn go fóill a bprós glinn beacht a léamh.”

In 1971 a foilsíodh an chéad eagrán (ar dheis), agus beidh an-áthas ar léitheoirí an leabhar a fheiceáil i gcló arís.

book coverSaothar Ollmhór Ilghnéitheach

Mar a scríobh Malachy Ó Neill in Tuairisc tar éis bháis Anraí, “Rinne Anraí Mac Giolla Chomhaill, an scoláire Gaeilge as Doire a bhásaigh le déanaí, obair iontach le linn a shaoil ar son na Gaeilge agus ar son lucht foghlama na teanga go háirithe. Saothar ollmhór ilghnéitheach a bhí ina shaothar a raibh tionchar nach beag aige ar phobal Gaeilge a linne féin agus ar na glúnta Gaeilgeoirí a thiocfas inár ndiaidh.”

I nDún Geanainn, anuraidh, a cailleadh an tAthair Harry, cúpla mí sular athfhoilsíodh a leabhar. Grásta Dé air.