0 Earra

“Tá ordú againn Conchúr Mac Ardail a thabhairt linn,”
D”éirigh an t-eochróir ina sheasamh. “Is le hÓ Néill an giall seo,” ar sé.
Dhlúthaigh na hóglaigh ina thimpeall go bagrach gur shín sé an eochair chucu.
Tugadh Conchúr amach ina mhaol, a shúile á gcosaint ar sholas an lae aige agus é ag imeacht roimhe go tuisleach. Rinne Conchúr Óg iarracht a athair a leanúint agus buaileadh iarraidh de chrann sleá air, á leagan go hurlár an chillín. Dúnadh an doras de chling.
“Cá bhfuil sibh á thabhairt?” arsa an t-eochróir.
“Go Tulach Óg,” arsa duine.
“Go ndéanfaidh sé dreas rince dúinn,” arsa duine eile.
“Rince na páise agus turas na croise!” arsa an tríú fear.
Choisric an t-eochróir é féin.
                     — Súil an Daill, Darach Ó Scolaí: Leabhar Breac, Samhain 2021

author photoPrionsa Eorpach ar an Déanamh Nua

Tír Eoghain sa bhliain 1539 is tús le úrscéal nua Dharach Uí Scolaí, Súil an Daill: tá Conn Bacach Ó Néill ina thiarna agus a chlann mhac in iomaíocht lena fhabhar a thuilleamh. Agus ní hiad amháin atá in iomaíocht — i measc a chomhairleoirí, tá a shéiplíneach Aodh Ó Cearúlláin, a chonstábla Giolla Easpaig Mac Dónaill agus, príomhphearsa an úrscéil, a chomhalta is a chara rúin Conchúr Mac Ardail.

Forbairt agus cur chun cinn an tiarnais is fis do Chonchúr. Idir é agus comhlíonadh na físe tá iliomad rud — guagacht a mháistir, éad na n-uaisle, cistí folmha, cúraimí clainne, agus a laigí féin mar dhuine. Anuas air sin, tá an mac is sine leis an tiarna ann, Feilimí Caoch, an gaiscíoch mealltach ar mian le Conchúr (agus le bean Fheilimí, Onóra Ní Néill) é a mhúnlú mar phrionsa Eorpach ar an déanamh nua.

As dlúth is inneach na staire, fíonn údar An Cléireach agus Táin Bó Cuailnge taipéis Ghaeltacht dheireadh na Meánaoise agus thús an Renaissance dúinn, taipéis bheo ina mhaireann eachlaigh is gallóglaigh, easpag is cléir, rúnaithe is ardfheidhmeannaigh, bantiarnaí is cailíní cuideachta, giollaí is iascairí.

Súil an DaillTour de Force Stíle agus Reacaireachta

Ina thuairisc mar mholtóir ar chomórtas an Oireachtais, “úrscéal thar a bheith sofaisticiúil” a thug Gearóid Denvir ar Súil an Daill. “Tour de force stíle agus reacaireachta … a fhágas blas na seanteanga ar theanga an lae inniu.”

Ar Lascaine Speisialta go Nollaig

Arsa Breandán Ó Conaire: “léitheoirí a chuireann spéis sna seanscéalta méithe snasta loinnreacha … bhainfidís sásamh agus taitneamh as cumhacht shuntasach an tsaothair stairiúil seo.”

Beidh an leabhar ar fáil sna siopaí an tseachtain seo chugainn agus beidh sí ar fáil ar an suíomh ar lascaine speisialta go Nollaig.