0 Earra

Le foilsiú eagrán an tSeabhaic de Cath Fionntrá i mbliana cuireadh dlús le bailiúchán na leabhar fiannaíochta atá ar bun ó foilsíodh Feis Tigh Chonáin in 2000.

Clúdach leabhair Feis Tigh Chonáin | beirt sealgairí sa sneachta | book coverFionn agus Laochra na Féinne

Trí leabhar fiannaíochta atá sa bhailiúchán anois, Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne, Feis Tigh Chonáin agus Cath Fionntrá, agus tá obair ar bun le leagan an tSeabhaic de Tóraíocht an Ghiolla Dheacair agus Bruíon Eochaidh Bhig Dheirg a chur ar fáil chomh maith le leagan an Phiarsaigh de Bruíon Chaorthainn agus Bodach an Chóta Lachna.

Le Fionn mac Cumhaill agus laochra na féinne a bhaineann an Fhiannaíocht, sraith scéalta litríochta agus béaloidis a bhí á gcumadh le beagnach míle bliain, ón 9ú haois go dtí an 19ú haois. Tá scoth na scéalta fiannaíochta ar fáil anseo againn, idir sheas agus nua, agus beimid ag cur leo sna blianta amach romhainn.

Feis Tigh Chonáin

Nua-insint ar scéal Fiannaíochta a cumadh sa 15ú haois is ea Feis Tigh Chonáin. Nuair a théann Fionn mac Cumhaill agus Diorraing amú i ndorchadas na coille castar i dteach a naimhde iad agus cuirtear tús le hoíche scéalaíochta a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann, agus le bainis a chríochnóidh le loscadh tí agus le marú ar bhruacha Loch Deirgeirt.

Clúdach Leabhair, The Kiss, KlimtAm éigin sa 15ú haois a scríobhadh Feis Tigh Chonáin Chinn tSléibhe, scéal i dtraidisiún mór na fiannaíochta ar nós Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne agus Agallamh na Seanórach. Le cúpla céad bliain anuas tá an scéal seo á bhreacadh ag scríobhaithe i lámhscríbhinní agus á léamh ag Gaeil cois teallaigh. Sa leagan nua seo le Darach Ó Scolaí tá an scéal curtha in oiriúint do léitheoirí ár linne

Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne

Ceann de na scéalta Gaelacha is mó cáil riamh is ea Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne, leabhar a chuir Nessa Ní Shéaghdha in eagar in 1944, agus a insíonn scéal na lánúna a d’éalaigh in éindí agus Fionn mac Cumhaill agus fianna Éireann sa tóir orthu.

Is scéal breá seo a chastar orainn orainn Oisín, Oscar, Caoilte, Aonghas an Bhrogha, an Searbhán Lochlannach, trí rí-fhéinní Mhara nIocht agus a dtrí chú nimhe, Conán mac an Léith Luachra, agus go leor eile de mhóra agus de mhionphearsana na Féinne.

Book coverCath Fionntrá

Ceann de mhórscéalta na Fiannaíochta é Cath Fionntrá, an leabhar is nuaí sa bhailiúchán seo. I lámhscríbhinn ón 15ú haois a caomhnaítear an leagan is sine, leagan sa Nua-Ghaeilge Mhoch a bunaíodh ar ábhair níos sine fós. In 1911, a foilsíodh an t-eagrán seo a chéad uair, “aith-innsint ar an seinsgéal as Gaedhilg na haimsire seo”, mar an bhí sa chur síos air sa chéad eagrán. An Seabhac nó Pádraig Ó Siochfhradha an t-údar, duine de na daoine ab ildánaí i stair na hAthbheochana, agus is é Breandán Ó Cróinín a chuir in eagar.

Sa scéal seo, nuair a bhíonn an uile thír faoina smacht ag Dáire Donn, Rí an Domhain, ach Éire amháin, cloiseann sé go bhfuil cúis ag Rí na Fraince ar Fhionn mac Cumhaill – i dtaobh gur thug a bhean agus a iníon grá d’Fhionn agus gur éalaíodar go hÉirinn leis – agus tapaíonn sé an deis chun cabhlach ollmhór a bhailiú le chéile chun ionradh a dhéanamh ar Éirinn. Níl ina choinne, ach Fionn agus buíon bheag den Fhiann!

Tá obair ar bun faoi láthair le leagan an tSeabhaic de Tóraíocht an Ghiolla Dheacair agus Bruíon Eochaidh Bhig Dheirg a chur ar fáil chomh maith le leagan an Phiarsaigh de Bruíon Chaorthainn agus Bodach an Chóta Lachna. Nára fada uainn é sin!