0 Earra

Nós réasúnta nua is ea ‘Leabhra Feabhra’, nó leabhar a bhronnadh ar chara nó ar dhuine muinteartha i mí na Féile Bríde. Ní hé sin le rá nach gníomh seanbhunaithe é óir bhí cáil na flaithiúlachta agus cáil an léinn ar Ghaeil riamh, agus an-dílseacht acu d’fhéilte móra na bliana.

“Le gach Bó a Bóín, le gach Leabhar a Mac-Leabhar”

Go deimhin is é Colmcille is mó a luaitear le leabhair, an naomh a chuaigh chun cogaidh mar gheall ar shárú cóipchirt (le gach bó a bóín agus le gach leabhar a macleabhar!!) ach is i mí an Mheithimh atá lá fhéile Cholmcille ann. Deirtear gur mar gheall ar an easaontas seo idir Cholmcille agus an tArdrí Diarmuid a troideadh Cath Cúil Dreimhne láimh le Droim Cliabh sa bhliain 561, agus gurb é an t-ár sin ba chúis lena imeacht go hOileán Í.

Dar ndóigh, luaitear Colmcille freisin leis an gCathach (atá san Ard-Mhúsaem), agus le Beatha Cholmcille, beatháisnéis a leagtar ar an taoiseach Mánas Ó Dónaill.

Bríd Bandia na bhFilí

Maidir le Bríd (nó Brighid), bandia a bhí inti i dtús báire agus dar le Sanas Chormaic bhí an-ómós ag na filí di, mar sin tá an t-ómós speisialta seo tuilte di i mí na bhfuíoll!

Agus maidir le Leabhra Feabhra féin — https://www.facebook.com/groups/862106460490105 — nós é seo a bhunaigh léitheoirí leabhar le grá don léitheoireacht agus do na leabhair — nós é nár mhiste a chothú agus a neartú. Mar sin, tapaigh an deis chun páirt a ghlacadh i dtraidisiún Leabhra Feabhra agus bronn leabhar mar fhéirín ar dhuine éigin an mhí seo!

Léann 6Leabhra Feabhra 2022

I mbliana, tá beart nua leabhar againn do Leabhra Feabhra. Do ghasúir, tá trí leabhar sa tsraith ‘Cáitín Chaoch’: Preab san Aer, Práinneach agus Seal le Sorcas, chomh maith le hatheisiúint na sraithe ‘Arrachtaí’: An Mumaí, An Chailleach, An Cnámharlach, An Vaimpír, An Zombaí, agus Fear an Mhála.

Do dhaoine fásta, tá rogha breá againn. Ó thaobh an fhicsin de, tá an t-úrscéal nua Súil an Daill le Darach Ó Scolaí, againn, agus sa neamhfhicsean, tá an leabhar taistil Seacht dTír Seacht dTeanga le Diarmuid Johnson — chomh maith leis an dá bhailiúchán  nua aistí Ar an Imeall i Lár an Domhain agus Léann 6.

Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.