0 Earra

Sa Chultúrlann i mBéal Feirste ar 16-17 Meán Fómhair a tionóladh féile litríochta Leabhar Breac. Páirteach i gceithre sheisiún a reáchtáladh thar dhá lá, bhí dháréag de scríbhneoirí agus aistritheoirí  na Gaeilge, chomh maith le slua breá léitheoirí a d’fhreastail ar na himeachtaí.

Triúr aistritheoirí aitheanta a bhí ar an gcéad phainéal, Muiris Ó Raghallaigh, Antain Mac Lochlainn agus Labhrás Ó Finneadha agus iad faoi stiúir ag an gceathrú haistritheoir, Alan Titley. Sa seisiún a mhair uair an chloig, pléadh ceird an aistritheora agus na deacrachtaí a bhaineann le haistriúcháin liteartha ach go háirithe.

Dar ndóigh, bhí oiread tábhacht leis na hócáidí neamhfhoirmeálta, sa Cheathrú Póilí, i mbialann na Cultúrlainne agus i gCumann Chluain Ard, agus a bhí leis na himeachtaí ardáin — agus idir scríbhneoirí is léitheoirí i mbun comhráití bríomhaire ar an litríocht agus eile.