Mura bhfuil an t-úrscéal Flaitheas léite go dtí seo agaibh, inniu an lá! Is é inniu an 9 Meitheamh, Lá Pátrúin Cholmcille, an naomh is ábhar don úrscéal le Proinsias Mac a’Bhaird.
San úrscéal álainn dea-scríofa seo, cuirtear Colmcille inar láthair ina steillbheatha mar ógánach, Criomhthann. Agus cé gur saol na n-uasal atá i ndán dó, de bharr thragóid phearsanta, caithfidh sé a dhul sa tóir ar shaol de chineál eile ar fad— agus ní gan stró a thabharfaidh sé faoin aistear nua sin.
Scéal Gach Duine Againn
Seo scéal a thugann radharc dúinn ar Cholm Cille an duine, duine a raibh a chuid laigí féin aige agus a raibh constaicí go leor le sárú aige. Tumtar sinn i saol éiginnte an séú haois, tráth a raibh athruithe móra ag teacht ar shaol na ndaoine; tráth a raibh ríthe uaillmhianacha in adharca a chéile; tráth a raibh seansaol na págántachta ag géilleadh don Chríostaíocht.
An Naomh a Dhuiniú seachas an Duine a Naomhú
Insíonn Flaitheas scéal an duine atá ag iarraidh ciall a bhaint as an saol corrach, scéal an duine ag streachailt leis an gcinniúint, scéal an duine a dhéanann botúin ach atá ar a dhícheall an rud ceart a dhéanamh dó féin agus do na daoine thart air. Scéal gach duine againn.
“Bhraith mé go raibh mé sáite in aigne na gcarachtar agus a ndaonnacht ag lonrú trí shonraí an scéil.” — Róisín Ní Ghairbhí
“Ní leagfaidh tú uait í go dtí an leathanach deiridh”
“Duiníonn an t-údar an naomh seachas an duine a naomhú, agus tugann léargas fírinneach dúinn ar choimhlintí inmheánacha an duine sin.” — Mícheál Mac Craith
“The book is far from being a hagiography but is rather a warts and all portrait of an intelligent, complicated and flawed individual who had to battle internal and external forces to achieve what he did … Flaitheas is a wonderful historical novel, full of the sights, smells and sounds of Ireland 1,500 years ago.” — Cathal Poirtéir, Books Ireland
“Faigh greim ar an leabhar seo más léitheoireacht thaitneamhach i nGaeilge nádúrtha atá uait – ní leagfaidh tú uait í go dtí an leathanach deiridh.” — Máire Ní Fhinneadha, Tuairisc.ie