Flaitheas

Proinsias Mac a'Bhaird

16.00

Flaitheas: 232 lch; bog; 978-1-913814-34-2

Ógánach é Criomhthann. Cé go bhfuil saol na n-uasal i ndán dó, ceistíonn sé an chinniúint atá leagtha amach dó. Ach de bharr thragóid phearsanta, treoraítear é le saol de chineál eile a lorg — agus ní gan stró a thabharfaidh sé faoin aistear nua sin.

Scéal Gach Duine Againn

Seo scéal a thugann radharc dúinn ar Cholm Cille an duine, duine a raibh a chuid laigí féin aige agus a raibh constaicí go leor le sárú aige. Tumtar sinn i saol éiginnte an séú haois, tráth a raibh athruithe móra ag teacht ar shaol na ndaoine; tráth a raibh ríthe uaillmhianacha in adharca a chéile; tráth a raibh seansaol na págántachta ag géilleadh don Chríostaíocht.

An Naomh a Dhuiniú seachas an Duine a Naomhú

Insíonn Flaitheas scéal an duine atá ag iarraidh ciall a bhaint as an saol corrach, scéal an duine ag streachailt leis an gcinniúint, scéal an duine a dhéanann botúin ach atá ar a dhícheall an rud ceart a dhéanamh dó féin agus do na daoine thart air. Scéal gach duine againn.

“Bhraith mé go raibh mé sáite in aigne na gcarachtar agus a ndaonnacht ag lonrú trí shonraí an scéil.” — Róisín Ní Ghairbhí

“Ní leagfaidh tú uait í go dtí an leathanach deiridh”

“Duiníonn an t-údar an naomh seachas an duine a naomhú, agus tugann léargas fírinneach dúinn ar choimhlintí inmheánacha an duine sin.” — Mícheál Mac Craith

“The book is far from being a hagiography but is rather a warts and all portrait of an intelligent, complicated and flawed individual who had to battle internal and external forces to achieve what he did … Flaitheas is a wonderful historical novel, full of the sights, smells and sounds of Ireland 1,500 years ago.” — Cathal Poirtéir, Books Ireland

“Faigh greim ar an leabhar seo más léitheoireacht thaitneamhach i nGaeilge nádúrtha atá uait – ní leagfaidh tú uait í go dtí an leathanach deiridh.” — Máire Ní Fhinneadha, Tuairisc.ie

Léigh an léirmheas ar Books Ireland

Léigh an léirmheas ar Tuairisc.ie