0 Earra

Deirtear gur ar thuras i gcarr sleamhnáin sa sneachta a chum Clement Clarke Moore an dán clúiteach ‘Go Deireanach, Oíche Nollag’. Ar nuachtán an New York Sentinel sa bhliain 1823 a foilsíodh an dán den chéad uair. Níor cuireadh ainm an údair leis agus ba faoin teideal ‘A Visit from St Nicholas’ (Cuairt San Nioclás) a foilsíodh é. Ach is mar ‘Twas the Night Before Christmas’ nó ‘Go Deireanach, Oíche Nollag’ is fearr aithne air ó shin.

Íomhá as an leabhar | image from the bookAn Dán is mó Cáil a Chum Meiriceánach Riamh

Go deimhin, aithnítear go coitianta é ar cheann de na dánta is mó cáil dar chum aon Mheiriceánach riamh. Dán é seo a raibh an-tionchar aige ar an tuiscint a bhí, agus atá fós, ag Meiriceánaigh ar an Nollaig — tuiscint atá coitianta go maith taobh amuigh den tír sin ó shin.

Nollaig na bhFéiríní

Féile reiligiúnda ach go háirithe a bhí sa Nollaig suas go dtí an 19ú haois, ach de réir a chéile ina dhiaidh sin is mar fhéile do pháistí a chonacthas í. Deirtear gur sa dán seo is túisce a leagadh béim ar Oíche Nollag mar fhéile inti féin, agus gur chuir sé go mór leis an nós atá anois ann féiríní a thabhairt dá chéile faoi Nollaig.

Cosúil leis an úrscéal gearr Duan na Nollag leis an Sasanach Charles Dickens, chruthaigh ‘Go Deireanach, Oíche Nollag’ samhail den Nollaig ar ghlac léitheoirí go fonnmhar léi.

Clúdach leabhair | book cover, Cuairt San NioclásRéinfhianna San Nioclás

Is ón dán seo freisin a fuaireamar ainmneacha na n-ocht réinfhia atá ag San Nioclás — Tintreach, Toirneach, Ruóg, Radaire, Cóiméad, Cúipid, Ruagaire agus Preabaire — agus is ina dhiaidh sin, san 20ú haois, a cuireadh Rúdolf leo (Rúdolf, réinfhia an smuit dheirg!).

Mistéir Mhór an Údair

Cé gur mhaígh Clement Clarke Moore gurb é féin a chum an dán (ar an turas úd sa sneachta!), agus gur fhoilsigh sé an dán i gcnuasach filíochta faoina ainm féin sa bhliain 1844, deir daoine eile nárbh é a chum ar chor ar bith. Is ar an bhfile Henry Livingstone Junior a leagfaidís siúd an dán. Tá an cheist á cíoradh ag scoláirí ó shin.

Ní cosúil go ndúirt Livingstone féin riamh gurbh é a chum agus, ar an gcúis sin, glactar go coitianta leis gurb é Moore an t-údar. I ndeireadh na dála, ní fios, agus nach cuma! Ach mar a dúirt San Nioclás féin: “Nollaig mhór mhaith daoibh, a chairde go léir!”

Jessie Wilcox Smith

Is iad na pictiúir ghleoite a rinne Jessie Wilcox Smith d’eagrán 1912 den leabhar atá san eagrán seo — pictiúir a dhúiseoidh draíocht na Nollag i ngach aon pháiste — idir shean is óg!

Íomhá as an leabhar | detail from book