Tá cruthaitheoir ‘Corto Maltese’, Hugo Pratt, ar cheann de na húrscéalaithe graifice is cáiliúla ar domhan. Is é an tsraith Corto an tsraith is iomráití dá chuid, tá breis agus fiche leabhar scríofa aige, iad aistrithe in iliomad teangacha. Áirítear an chéad úrscéal sa tsraith sin, Port na Farraige Goirt ar an dara leabhar is mó a raibh tóir ag léitheoirí Le Monde air.

Hugo PrattIs geall le húrscéal ann féin scéal a bheatha. I Rimini na hIodáile a saolaíodh é sa bhliain 1927, agus d’fhás sé suas sa Veinéis. Sa bhliain 1937 chuaigh sé féin is a mháthair Evelina Genero Pratt chun cónaí san Aetóip, mar a raibh a athair Rolando Pratt in arm na hIodáile.

I gCampa Géibhinn Shasana

Gabhadh a athair i 1941 agus fuair sé bás le fiabhras i gcampa géibhinn Sasanach i 1942. Sa bhliain chéanna, cuireadh Hugo agus a mháthair i gcampa géibhinn san Aetóip.

Tar éis an chogaidh chuaigh sé ag obair mar chartúnaí sa Veinéis, agus go gairid ina dhiaidh sin d’aistrigh sé go dtí an Airgintín le hobair a dhéanamh in earnáil na gcoimicí i mBuenos Aires. Taistealaí mór a bhí ann, agus chaith sé tréimhsí ina dhiaidh sin ag obair idir an Airgintín, Londain, Páras agus an Eilvéis.

Corto sa tSibéirAg Obair mar Chartúnaí

In irisí éagsúla d’fhoilsigh sé scéalta grafacha a bhain le Corto Maltese, Gli scorpioni del deserto (scairpeanna an fhásaigh) agus Jesuit Joe. Cé gur bhain sé cáil ar leith amach leis an gcarachtar Corto Maltese, lean sé air ag forbairt is ag foilsiú ábhar nua i gcaitheamh a shaoil. Rinneadh dhá scannán beochana bunaithe ar an tsraith.

Smuigléir agus Foghlaí Mara 

Cuireadh tús leis an tsraith le Port na Farraige Goirt (Iodáilis: Una ballata del mare salato), sa chéad eagrán den mhíosachán Il Sergente Kirk i mí Iúil. Smuigléirí agus foghlaithe mara i ndeisceart an Aigéin Chiúin roimh thús an Chéad Chogaidh Domhanda atá mar chúlra leis an scéal.

Port na Farraige GoirtI 1970, d’aistrigh Pratt go dtí an Fhrainc agus thosaigh ag obair ar shraith scéalta gearra Corto Maltese don iris Franca-Bheilgeach Pif Gadget. I 1974 d’fhill sé ar na scéalta fada, agus chuir sé Corto i 1918 go dtí an tSibéir sa scéal Corto Maltese sa tSibéir, a foilsíodh i bhfoirm sraithe ar dtús san iris Linus; agus i 1980 chuir sé Corto ar thuras trasna na hÁise in An Teach Órga i Samarkand.

I 1976, foilsíodh Port na Farraige Goirt i bhfoirm leabhair, agus bronnadh an duais don saothar réalaíoch eachtrannach dó ag Féile Angoulême i 1976/

Lean Pratt air ag foilsiú scéalta nua as sin go dtí 1989 nuair a foilsíodh an leabhar deireanach leis, Mu.