Sean-aibítir í an tOgham (nó oghamchraobh), a bhíodh in úsáid roimh theacht na Críostaíochta go hÉireann, sa tréimhse idir A.D.300 A.D. agus A.D.600. De réir na saineolaithe, rúnscríbhinn í a bunaíodh ar aibítir na Laidine. Tá inscríbhinní oghaim le feiceáil ar chlocha in Éirinn, in Albain, sa Bhreatain Bheag, i Sasana, agus ar Oileán Mhanann, ach is in Éirinn is mó atá siad, agus is i gCúige Mumhan is mó atá na hinscríbhinní oghaim sin
Rúnscríbhinn Roimh Theacht na Críostaíochta
Is iondúil gur ar chloch mhór, ar liag nó ar ghallán, a bhíodh an oghamscríbhinn, agus is ó bhun go barr na cloiche a bhí treo na scríbhneoireachta. D’úsáidtí eanga do na gutaí agus na consain agus ghearrtaí an scríbhneoireacht ar imeall na cloiche nó ar lár líne ar a dtugtaí an ‘fhleasc’.
Is iondúil gur ainm duine a scríobhtaí ar na clocha, agus gur leaca cuimhneacháin a bhí iontu. Ar leac amháin ar Oileán Mhanainn tá na focail BIVAIDONAS MAQI MUCOI CUNAVA[LI] scríofa, nó i nGaeilge na linne seo, “Bivaidonas mac mhic Cunava[li]”.
Deireadh Ré
Is le teacht na manach go hÉirinn a tháinig deireadh le ré an oghaim. As sin amach, d’úsáidtí aibítir na Laidine agus dhéantaí an scríbhneoireacht ar phár. Ach cé gur tháinig deireadh leis an ogham-scríbhneoireacht sa seachtú haoi, tá tagairt don ogham i leabhar Bhaile an Mhóta ón 11ú haois.
Sa leabhar Cloch na Gréine (2022), tá cur síos simplí do pháistí déanta ag an údar Jacqueline de Brún ar an oghamscríbhinn.