Agus sinn ag druidim leis an Nollaig, is caoi agus is feiliúnach an clúdach atá ar an eagrán nua de Feis Tigh Chonáin, leagan Dharach Uí Scolaí de Feis Tigh Chonáin Chinn tSléibhe — nua-insint ar sheanscéal Fiannaíochta a cumadh sa 15ú haois. Radharc as pictiúr cáiliúil Phieter Bruegel atá ar an gclúdach, Sealgairí sa Sneachta. óir is mar sin a chuirtear tús le Feis Tigh Chonáin, agus an dá fhéinní, Fionn agus Diorraing sa choill tar éis lá seilge.

Oíche Scéalaíochta tar éis Lá Seilge

Nuair a théann Fionn agus Diorraing amú i ndorchadas na coille castar i dteach a naimhde iad agus cuirtear tús le hoíche scéalaíochta a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann, agus le bainis a chríochnóidh le loscadh tí agus le marú ar bhruacha Loch Deirgeirt. Is mar fhráma-scéal a insítear Feis Tigh Chonáin, mar a déantar in Agallamh na Seanórach, in na Cantenbury Tales, agus in Oíche agus Míle an Domhain Thoir.

Am éigin sa 15ú haois a scríobhadh Feis Tigh Chonáin Chinn tSléibhe, scéal i dtraidisiún mór na fiannaíochta ar nós Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne agus Agallamh na Seanórach. Le cúpla céad bliain anuas tá an scéal seo á bhreacadh ag scríobhaithe i lámhscríbhinní agus á léamh ag Gaeil cois teallaigh. San eagrán nua seo le Darach Ó Scolaí tá an scéal maisithe ag léaráidí pinn an údair.

Compánach don Tóraíocht

Leabhar eile í seo sa tsraith seanscéalta atá á foilsiú ag Leabhar Breac le blianta beaga anuas — mar atá Táin Bó Cuailnge, Conaire Mór, Éadaoin, An Tromdhámh agus leabhair eile atá curtha in oiriúint ag scríbhneoirí ár linne — agus is compánach í don leabhar clúiteach fiannaíochta Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne le Nessa Ní Shéaghdha a d’fhoilsigh Leabhar Breac in 2018. Ach in ainneoin seandacht an ábhair, tá úire agus líofacht bhreá so-thuigthe sa leabhar seo, leabhar a bhfuil rian na scéalaíocht béil go láidir ar an scríbhneoireacht inti, scríbhneoireacht atá simplí, so-léite.

ClúdachCeiliúradh ar an gCuimhne

Is ceiliúradh ar an bhFiannaíocht agus ar litríocht na Gaeilge leagan Uí Scolaí de Feis Tigh Chonáin agus tá leitheoirí na Nua-Ghaeilge curtha faoi chomaoin mhór aige. Tréasliimis a leabhar breá fiannaíochta leis. Faoi mar a deir Conán fein, ‘Is binne ná ceol cruite a bheith ag éisteach le binnchomhrá do bhéil’. – Breandán Ó Cróinín, Comhar

“Darach Ó Scolaí retells Feis Tigh Chonáin, a long-forgotten series of stories from the Fenian cycle, in modern day Irish. If any book can bring the stories of the Fiann into the 21st century, this well-written, well-designed book can.” —booksunlimited.

Éist le Bríd Anna Ní Bhaoill agus leagan Sheáin Néill de scéal as Feis Tigh Chonáin, ‘An Óige, an Saol Mór, agus an Bás’, á aithris aici

Léigh sliocht as an leabhar