1 Item

Alex Hijmans

Rugadh Alex Hijmans in Heemskerk, san Ísiltír, i 1975. Bhog sé go Gaillimh i 1995 agus thug sé faoi shlí bheatha san iriseoireacht in Éirinn. D’oibrigh Alex le Foinse, Raidió na Gaeltachta, RTÉ agus Nuacht TG4 ar feadh deich mbliana. D’aistrigh sé úrscéal do dhéagóirí, Maistín (2001), ón Ollainis go Gaeilge agus léiríodh a dhráma Aingilín i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh in 2002. Foilsíodh gearrscéalta le hAlex sna hirisí Comhar, Crannóg agus Dúillí Éireann.

In 2007 thug Alex aghaidh ar Mheiriceá Theas, áit ar chaith sé leathbhliain ina chónaí i mbruachbhaile bocht – nó favela – ar imeall Salvador, an tríú cathair is mó sa Bhrasaíl. Sin is ábhar dá shaothar Favela (2009) a ainmníodh ar an ngearrliosta de Ghradam Uí Shúilleabháin 2010, Tá dhá úrscéal leis i gcló Aiséirí (2011) agus Tearmann (2016).

Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.