Liam Mac Cóil

Scríbhneoir agus criticeoir is ea Liam Mac Cóil. Tá sé ina chónaí i Ráth Chairn na Mí. Tá leabhair, ailt, agus aistí scríofa aige faoi chúrsaí litríochta, staire, ceoil, ealaíon agus teilifíse.

Ba é a úrscéal An Dochtúir Áthas (1994) an chéad leabhar Gaeilge a cuireadh ar ghearrliosta Dhuaiseanna Liteartha an Irish Times. Ó shin foilsíodh úrscéal eile leis, An Claíomh Solais, agus dialann scríbhneoireachta, Nótaí ón Lár, chomh maith le leabhar ar an gcumadóir Charles Villiers Stanford An Chláirseach agus an Choróin: Seacht gCeolsiansa Stanford a foilsíodh in 2010. Bhuaigh a úrscéal Fontenoy Gradam Uí Shúilleabháin 2006.

Chomh maith lena shaothar do dhaoine fásta tá leabhar sa tsraith Scéalta Staire scríofa ag Liam Mac Cóil, Toirealach Ó Cearúlláin. Tá aistriúcháin déanta ón mBreatnais freisin aige, Tiocfaidh Lá le Ffred Ffransis (Carbad, 1977), agus Saibhreas Chnoic Chaspair le J. Selwyn Lloyd (An Gúm, 1981), agus d’fhoilsigh sé stair a áit dhúchais féin, The Book of Blackrock (Carraig Books, 1977, 1981). I gcomhar leis an Ollamh Ruairí Ó hUiginn, tá Liam ina eagarthóir ar an iris litríochta agus ealaíne Bliainiris.

D’fhoilsigh Leabhar Breac an tríú húrscéal sa tsraith, Lucás Ó Briain in 2019, scéinséir staire a suitear in Éirinn agus ar mhór-roinn na hEorpa sa bhliain 1612. Is iad An Litir agus I dTir Strainséartha an dá leabhar eile sa triológ.

“There is no other novelist in Irish today who writes with the same care, precision and clarity.” — Alan Titley, The Irish Times

Tá réimse leathan leabhar Gaeilge le Liam Mac Cóil ar fáil ónár siopa leabhar ar-líne.

Físeán de Liam Mac Cóil ag labhairt ar an scéalaíocht