An Braon Aníos

Darach Ó Scolaí

9.00

84 lch; clúdach bog; ISBN 978-0-898332-24-X

I 2006 a léiríodh an dráma seo, an dara dráma sa triológ ‘Trí Bhraon’.

Tá Micil agus Nóra sáinnithe ina dteach agus an fharraige mhór ag ardú ina dtimpeall. De réir mar atá an taoile ag dortadh isteach sa mhullach ar an tseanlánúin déantar plé ar cheisteanna móra an tsaoil: ardú na farraige agus cúlú na Gaeltachta, mná tí cantalacha agus coláistí samhraidh, Osama bin Laden agus an tÓsón Léar, agus, dár ndóigh, an GRÁ. Ansin tagann fear na gcoláistí samhraidh len iad a thabhairt slán — nó an dtagann?

Dráma dorcha grinn a phléann le téamaí an-dáiríre ar fad atá sa dráma An Braon Aníos. Ina léirmheas in Foinse rinne Feargal Ó Béarra cur síos ar an dráma mar “Salamandar de chic do dhrámaíocht na Gaeilge”. Rinne an compántas Salamandar camchuairt na tíre i 2006-07 leis an dráma seo, agus rinne Salamandar cóiriú den dráma do Raidió na Gaeltachta i 2009.

Tá an dá dhráma eile sa triológ, Coinneáil Orainn agus Craos, ar fáil mar leabhair ó Leabhar Breac.