Fonn a Níos Fiach

Pádraig Ua Maoileoin

16.00

Fonn a Níos Fiach:110 lch; clúdach crua, ISBN 978-1-911363-44-6

Tá an leabhar seo ar fáil ar Kindle

‘Fonn a níos fiach’ a deir an seanfhocal, agus nuair a bhualann an t-ocras Seán Mhicil agus a theaghlach óg caithfidh sé seiftiú dá réir. I bprós glan snoite, insíonn an t-úrscéal gearr seo scéal an fhir atá á thiomáint ag an ocras chun seilg a dhéanamh ar son a theaghlaigh. Ach más é an gorta a chuireann Seán Mhicil amach thar shneachta an tsléibhe i mblianta deiridh an Ghorta Mhóir, de réir mar atá an giorria éalaitheach á leanúint go diongbháilte aige gabhann an tseilg seo chun laochais.

Déantar comparáid le ‘The Old Man and the Sea’ agus le ‘Moby Dick’

Ba í seo an leabhar ab ansa dá chuid leis an údar féin — insint teann íogair a bhfuil fiántas agus boladh an dúchais tríd. Agus, cé go gcuirtear i gcomparáid le clasaic Hemmingway The Old Man and the Sea í, agus le Moby Dick Herman Melville, is sásúla go mór fada mar leabhar í seo.

‘Dob fhéidir an argóint a dhéanamh gurb é seo an saothar is fearr ar fad dá chuid is, dá bhrí sin, ní hé hamháin go bhfuil sé le háireamh i measc mhórshaothair phróis Chorca Dhuibhne ach i measc mhór-úrscéalta Gaeilge na fichiú haoise trí chéile … Ardphléisiúr léitheoireachta.’ — Breandán Ó Cróinín, COMHAR.

Ceann de na Leabhair Ghaeilge is Fearr dá bhfuil Againn

‘Noibhile is ea Fonn a Níos Fiach agus tá a rian san air ó thús deireadh ar a fháiscthe agus a fhuinte is atá an scríbhneoireacht agus éirim an scéil. D’fhéadfá a rá gur shroich Peaidí an Dúna barr feabhais lena cheard anso, agus go deimhin féin tá sé ar cheann de na leabhartha Gaeilge is fearr dá bhfuil againn … Tá Leabhar Breac le moladh as an leagan nua so … a chur fé bhráid an phobail arís agus deis a thabhairt do léitheoirí nua na Gaeilge a shaibhreas agus a íogaireacht a trhástáil. Cuireann sé Pádraig Ó Maoileoin thar n-ais ar an stáitse atá tuiltte aige.’ — FEASTA.

‘Oilithreacht faoina Anam’

Aimsir gheimhridh atá ann agus is fuar fuar an mhá leathan agus an cnoc ar a bhfuil an lorg. Mar sin, ar barra, is scéal seilge atá ann ach fásann níos leithne ná sin go samhlaíonn Seán gur ‘oilithreacht’ atá ann, oilithreacht faoina anamB’fhéidir gurb é seo an saothar is ealaíonta a scríobh Pádraig Ua Maoileoin, agus más mian leat é a léamh b’fhearr a dhéanamh sa tsamhradh agus gan aon chuimhneamh a bheith agat ar ghiorria ná ar choinín féin a bheith agat i gcomhair an dinnéir. — Alan Titley, Tuairisc.ie

Is seodnóibhille é seo idir ábhar agus stíl.  Pléitear an fhlúirse agus an gorta, an drúis agus an grá, an chlaidhreacht agus an gaisce le líofacht agus le gléine neamhghnáthach stíle.  Tríd an dara leathcheann sna codarsnachtaí sin (gorta, grá agus gaisce) a aibhsiú tríd an úrscéal síos, éiríonn leis an údar ceiliúradh tuisceanach fileata a dhéanamh ar shlí mhaireachtála agus ar sheasmhacht na ndaoine bochta aimsir an drochshaoil agus in am an chruatain (121).  Tá moladh mór tuillte ag na foilsitheoirí, Leabhar Breac, as an eagrán nua seo a chur ar fáil do ghlúin úr léitheoirí. — Marie Whelton, Léann Teanga, An Réiviú. 2021

“Scéal an-snásta, an-taitneamhach … chuirfeadh sé Hemingway i gcuimhne duit.” — Eoin P. Ó Murchú

Léigh an léirmheas ar Léann Teanga 2021

Léigh sliocht as Fonn a Níos Fiach