In Ainm Dé Uilethrócairigh

Hugo Pratt

7.50

In Ainm Dé Uilethrócairigh: 40 lch; clúdach bog; 978-1-909907-76-8
Úrscéal grafach sa tsraith ‘Corto Maltese’.

Éalú as an bhFásach

1916, cabhraíonn Corto leis an mbeidiúnach El Oxford an prionsa óg Saoud a shaoradh ó phríosún i lár an fhásaigh in Éimin, áit a bhfuil sé á choinneáil ag a uncail Abdul agus an garastún Turcach. Tagann Cuis, gaiscíoch óg Danaicíleach de threibh Beni Amer, i gcabhair orthu. Cé go gcuireann béasa Chuis isteach ar Chorto Maltese, is sa troid a nochtar cumas an fhir seo….

Rógaire an Chroí Óir!

“As Corte Malteses na Veinéise (Sráid na Maltach), is é sin Corte Contarini del Bovolo, a ainmníodh an carachtar Corto Maltese, is cosúil. Captaen mara gearr-abartha é atá i mbun eachtraíochta i dtús an 20ú hAois. Déantar cur síos air mar “rógaire, a bhfuil croí órga aige”, agus tá bá ar leith aige leis an té a mbuailtear cois air. I Valletta a saolaíodh é, mac le mairnéalach as Corn na Breataine agus bean feasa nó striapach de chuid ghiofóga na hAndalúise ar a dtugtar “La Niña de Gibraltar”.

Laoch na Cosmhuintire

“Ina bhuachaill óg dó i gceantar na nGiúdach i gCórdoba, chonaic Corto nach raibh líne chinniúna ina dhearna aige agus ghearr sé líne ann le rásúr, agus é meáite ar a chinniúint féin a roghnú. Cé go bhfanann sé neodrach go polaitiúil, tá luí aige leis an gcosmhuintir agus leis an dream atá faoi leatrom.” — Vicipéid

Úrscéal graifice gairid sa tsraith Corto Maltese é In Ainm Dé Uilethrócairigh.

Léigh Corto Maltese in Wikipedia

Hugo Pratt, Úrscéalaí Graifice Extraordinaire