Marbhnaí Duino

Rainer Maria Rilke & Máire Mhac an tSaoi

15.00

148 lch; clúdach bog; ISBN 978-0-898332-84-1

“NA 10 gCNUASACH FILÍOCHTA IS FEARR Ó CHASADH AN CHÉID!” — Comhar

Tá aistritheoir a dhiongbhála aimsithe ag Rilke i Máire Mhac an tSaoi. Ní hamháin go léiríonn sí acmhainn agus uaillmhian an bhundáin Ghearmáinise, baineann sé geit chomh maith as friotal filíochta na Gaeilge ar shlí a chruthaíonn arís a mórchumas teangan agus samhlaíochta. Taitneoidh an leabhar seo chomh mór le léitheoirí Rilke is a thaitneoidh sé le léitheoirí Mháire Mhac an tSaoi.

“Tabharfaidh an t-aistriúchán seo deis nua do scoláirí dul i ngleic lena saothar agus cuirfidh sé go mór lenár dtuiscint ar fhilíocht na nGael i gcomhthéacs idirnáisiúnta. Go deimhin, cuid de na ceisteanna céanna faoi chaidreamh agus chreideamh, beatha agus bás, atá chomh láidir sin i mórdhán Rilke, tá siad á gcíoradh ina cuid dánta déanacha féin sa tslí go gclosimid macalla beo a glóir féin ag labhairt i nguth maorga an fhile mhairbh ón nGearmáin.” — Irish Writers’ Week