Port na Farraige Goirt

Hugo Pratt

12.00

Port na Farraige Goirt
256 lch; clúdach bog; ISBN 0 898331 02 0

Úrscéal graifice sa tsraith Corto Maltese le Hugo Pratt do léitheoirí fásta agus do dhéagóirí é Port na Farraige Goirt.

1914, in áit éigin in iardheisceart an Aigéin Chiúin. Tagann bád seoil an Chaptaein Raspúitín ar fhear ceangailte de rafta atá ag imeacht le sruth: Corto Maltese. Tá Corto agus Raspúitín ag obair don Mhanach, tiarna mistéireach ar fhoghlaithe mara na bhFarraigí Theas – fear a bhfuil rún uafásach á cheilt i ngar dá chroí aige.

Femme Fatale agus Feallairí

Agus cabhlaigh Shasana agus na Gearmáine ag fáil faoi réir don Chogadh Mór, cuirtear tús le heachtra ina gcastar canablaigh orainn agus longa cogaidh, fir chróga agus feallairí, cairde, cladhairí, agus geilt. Agus ógbhean álainn mhealltach a chuirfeadh an chluain ar an mairnéalach is cruaichte i bPort na Farraige Goirt.

Rógaire an Chroí Óir

“As Corte Malteses na Veinéise (Sráid na Maltach), is é sin Corte Contarini del Bovolo, gar do Palazzo Contarini del Bovolo, a ainmníodh an carachtar Corto Maltese, is cosúil. Captaen mara gearr-abartha é atá i mbun eachtraíochta i dtús an 20ú hAois. Déantar cur síos air mar “rógaire, a bhfuil croí órga aige”, agus tá bá ar leith aige leis an té a mbuailtear cois air. I Valletta a saolaíodh é, mac le mairnéalach as Corn na Breataine agus bean feasa nó striapach de chuid ghiofóga na hAndalúise ar a dtugtar “La Niña de Gibraltar”.

Luí aige leis an gCosmhuintir

“Ina bhuachaill óg dó i gceantar na nGiúdach i gCórdoba, chonaic Corto nach raibh líne chinniúna ina dhearna aige. Ghearr sé líne ann le rásúr, agus é meáite ar a chinniúint féin a roghnú. Cé go bhfanann sé neodrach go polaitiúil, tá luí aige leis an gcosmhuintir agus leis an dream atá faoi leatrom.” — Wikipedia

Seo é an chéad leabhar sa tsraith úrscéalta grafacha ‘Corto’. Ar fáil freisin: An Teach Órga i Samarkand agus Corto sa tSibéir.

Port na Farraige Goirt ar Vicipéid

Léigh an léirmheas le hAonghus Ó hAlmhain

Foghlaí Mara!