0 Earra

Ábhar áthais do mhic léinn is scoláirí na nua-litríochta foilsiú leabhar nua an Dr Radvan Markus, Carnabhal na Marbh. Seo í an mórshaothar faoi Chré na Cille leis an scoláire a d’aistrigh an t-úrscéal go dtí an tSeicis. Leabhar í a phléann úrscéal mór Mháirtín Uí Chadhain i gcomhthéacs na tréimhse ina bhfuil aistriúcháin ar an úrscéal sin á leathadh go hidirnáisiúnta.

Portráid den udar | Portrait of the authorCré na Cille sa Chomhthéacs Idirnáisiúnta

Tagann Carnabhal na Marbh: Cré na Cille agus Litríocht an Domhain i dtír ar ghnéithe éagsúla den chur chuige teoiriciúil – an carnabhalachas, an insint chiclipéideach agus an reiceolaíocht ina measc – chun áit an tsaothair i gcanóin litríocht an domhain a mheas.

Ag an am céanna, lonnaíonn an saothar seo tréithe éagsúla Cré na Cille i gcomhthéacs scríbhinní eile Uí Chadhain, idir fhoilsithe agus neamhfhoilsithe, agus pléann sé an ceangal idir an t-úrscéal agus traidisiúin chultúrtha na hÉireann, an béaloideas, an litríocht agus an ceol.

Úrscéal ciclipéideach

Tarraingíonn an Dr Markus ar theoirici éagsúla na litríochta sa saothar seo. “Tá úrscéal Ó Cadhain eisceachtúil mar gheall ar a ábhar. Chomh maith leis an mbunscéal féin, déanann sé iarracht an saol i gceantar dúchais an údair agus ar fud na hÉireann a ghabháil go chiclipéideach,” arsa an Dr Markus ina chur síos ar an leabhar.

I measc nithe eile, scrúdaíonn an leabhar foirm an úrscéil: “Is éard atá sa téacs ar fad caint dhíreach ó thart ar nócha carachtar atá curtha i reilig i gConamara. Ón gcomhrá (ní ainmnítear na cainteoirí), cuireann an léitheoir le chéile na blúirí eolais faoin iliomad scéalta nach mbaineann ar chor ar bith le príomhcharachtar an leabhair. Eagraítear an comhrá seo sa chaoi is go mbeidh siad cosúil ar bhealaí éagsúla le struchtúir cheoil, cibé acu an athrá agus an éagsúlacht atá ar eolas i gceol traidisiúnta na hÉireann nó an ilfhónaíocht agus an cheolfhoireann is gné dhílis de cheol na hEorpa,” a deir an Dr Markus.

Tour de Force ar an gCadhnach

Carnabhal na Marbh, Clúdach leabhair | Book cover.Tugtar léargas freisin in Carnabhal na Marbh ar áit Uí Chadhain i measc nua-aoisithe Éireannacha eile a bhfuil cáil dhomhanda bainte amach acu le fada – James Joyce, Samuel Beckett agus Brian Ó Nualláin.

Tour de force is ea an leabhar seo; an leabhar is fearr — gan aon cheist — ar an gCadhnach go dtí seo, agus ní hamháin sin ach tá sé i measc na leabhar taighde is fearr sa Ghaeilge le fada an lá. Athraíonn an saothar seo an plé, an díospóireacht agus an dioscúrsa faoi Chré na Cille ón mbonn aníos.” — An tOllamh Brian Ó Conchúbhair

“Saothar cumasach bunúil atá anseo atá bunaithe ar léitheoireacht fhairsing agus ar chomhthéacsú cumasach. Tuigeann an t-údar mórshruthanna smaointeoireachta agus liteartha a linne, agus go deimhin na ceisteanna a bhí ag dó na geirbe ag an aos liteartha agus intleachta sa domhan thiar fré chéile i gcaitheamh an 20ú haois, agus suitear a anailís ar Cré na Cille sa gcomhthéacs leathan sin.” — An tOllamh Gearóid Denvir