0 Earra

Tá réalta nua i ndomhan na gcoimicí tagtha ar an bhfód! Caochán í Cáitín, ainmhí beag a mhaireann faoin talamh ar Mhór-Roinn na hEorpa. Tá sí féin a chuid cairde — coiníní, froganna, broic is lucha — ina gcónaí sna tolláin, sna poill agus sna brocaigh atá déanta acu faoin scraith. Agus cé go bhfuil Cáitín caoch is sárchóchaire í — má thaitníonn brúitín péisteanna leat, toirtín seangán nó soufflé seilidí!!! Agus mar gur cócaire maith í, dar ndóigh, níl sí gan cairde!

Turas go dtí an Camargue

Trí leabhar ar fad atá sa tsraith nua i nGaeilge — Práinneach, Seal le Sorcas, agus Preab san Aer — agus é i gceist trí leabhar eile a fhoilsiú an bhliain seo chugainn. Leabhair iad seo a fheilfidh don léitheoireacht do pháistí sna meánranganna. Ach, mar gheall ar an ngreann atá sna scéalta seo, is leabhair iad a d’fheilfeadh do pháistí níos sine, nó dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí acu leis an léitheoireacht — agus is mór an cúnamh iad na pictiúir mhealltacha.

Sa leabhar Práinneach, téann Cáitín ar thuras ‘fada’. Go deimhin, is fada an bealach é go dtí an Camargue — tá sé sin chomh fada ó dheas agus atá sa Fhrainc! Ach tá Cáitín sásta dul i gcontúirt chun a cara mórFeirdí, a fheiceáil arís. Tá sí fiú sásta taisteal … go PRÁINNEACH!

Taisteal ar Chaora!

In Seal le Sorcas, tá leabhar mór, An Odaisé, á leamh ag Cáitín do na coiníni nuair a thosaíonn sí ag snaofairt. Tá slaghdán ar Cháitín agus deir an Dochtúir Broc nach bhfuil ach aon leigheas amháin ar a cás: aer folláin an tsléibhe. Ach cén chaoi a rachaidh sí chuig na sléibhte? Tá réiteach ar an gceist ag na coiníní: déanfaidh Cáitín an bealach … ar chaora, mar a rinne Uiliséas, laoch clúiteach na hOdaisé.

Sa scéal Preab san Aer, tá Cáitín ag taispeántas ealaíne. Buaileann tuirse í agus síneann sí siar i gceann de na saothair ealaíne!! Mo léan géar, scuabann faoileán leis san aer í … agus dúisíonn Cáitín de phreab! Níl insint ar eachtraí móra Cháitín — ach amháin sa leabhar seo!!

Údar agus Ealaíontóir!

Scríbhneoir agus ealaíontóir do pháistí é Bruno Heitz. Tá cónaí air sa Provence, i ndeisceart na Fraince. Deirtear faoi Bhruno go gcaitheadh sé a óige ag tochailt sa ghairdín agus ag déanamh tollán, droichead is garáistí dá chuid carranna beaga. Agus i mbun na hoibre sin dó, thagadh sé, scaití, ar phluaiseanna spéisiúla — tolláin a bhíodh déanta ag lucha agus caocháin na háite. Anois agus é fásta suas (beagnach), baineann sé slí bheatha amach ag cumadh scéalta agus ag tarraingt pictiúr don dream óg.