Tá ríméad an domhain orainn go bhfuil SAIGHDIÚIR ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2024! Comhghairdeas ó chroí leis an údar, Cathal Ó Searcaigh, agus leis na scríbhneoirí ar fad atá ar an ngearrliosta!

Cabhraíonn beirt shaighdiúirí le saighdiúir leonta trinse a thrasnu, two soldiers lelp a wounded copmrade across a trench.Úrscéal Mór Gaeilge an Chogaidh Mhóir”

Leabhar í SAIGHDIÚIR a thógfas a háit ar an tseilf in éindí le húrscéalta Erich Maria Remarque agus Jaroslav Hašek, agus níl aon amhras ach gurb í úrscéal mór Gaeilge an Chogaidh Mhóir í. In ainneoin na mílte Éireannach a thit i gcogadh mór 1914-1918, is beag trácht orthu i litríocht na Gaeilge. Seo é an chéad úrscéal sa teanga a insíonn a scéal.

“I lár an uafáis léifidh tú prós atá chomh hálainn leis an bhfilíocht is snoite”

Ní hé amháin gur saothar ceannródaíoch é SAIGHDIÚIR ach is úrscéal cumhachtach frithchogaidh é, agus é tugtha chun solais go húr beo máistriúil ag Cathal Ó Searcaigh. Mar a deir Cathal Poirtéir in Books Ireland, “Saighdiúir is an immense achievement. Ó Searcaigh displays an imaginative and inspiring mastery of language, character and plot in one of the most impressive Irish language novels you are likely to read this or any other year.”

portrait photo“A leithéid d’úrscéal!” a scríobh Máire Ni Fhinneadha ar Tuairisc.ie, “I lár an uafáis léifidh tú prós atá chomh hálainn leis an bhfilíocht is snoite.”

Dhá údar ag Leabhar Breac ar an nGearrliosta

Dhá leabhar atá ag Leabhar Breac ar an ngearrliosta do ghradaim foilsitheoirechta an Oireachtais i mbliana, chomh maith le Saighdiúir, tá Deirdre, eagrán nua den seanscéal le Darach Ó Scolaí agus í maisithe ag an ealaíontóir Anastasia Melnykova. Tréaslaímid a n-ainmniúchán leis na húdair agus leis an ealaíontóir agus guímid an t-ádh orthu sa chomórtas.

Fógrófar an buaiteoir ar an 23 Meán Fómhair.