0 Earra

Scéal ann féin é Tim Armstrong. Ceoltóir punc, taighdeoir sa víreaseolaíocht, ainrialaí Meiriceánach, léachtóir Gaidhlig, agus údar Albanach: is úrscéal ann féin é. In 2020 d’fhoilsigh Leabhar Breac aistriúchán ar a úrscéal ficsin eolaíochta, Tinte na Farraige Duibhe (Air Cuan Dubh Drilseach). Is é Eoin P. Ó Murchú a rinne an t-aistriúchán agus is é an t-aistriúchán is faide ó Ghaidhlig go Gaeilge go dtí seo é.

Tinte na Farraige Duibhe, Tim ArmstrongMill a h-Uile Rud!

Le deireanas chuir Eoin an t-údar faoi agallamh ar YouTube agus san agallamh sin labhair Tim ar a shaol is ar a shaothar, ar na blianta a chaith sé ina cheoltóir Punc i measc ainrialaithe Seattle, ar a bhanna féin, Mill a h-Uile Rud (Mill an Uile Rud), agus ar a chúlra mar thaighdeoir sa víreaseolaíocht sular thug sé a chéad chuairt ar Albain — áit ar chuir sé aithne ar cheoltóirí Oi Polloi agus ar lucht na Gaidhlig i saol an Phunc i nGlaschú.

Ba ina dhiaidh sin a d’fhill Tim Armstrong ar Albain le staidéar a dhéanamh ar an nGaidhlig ar an Oileán Sgiathánach — agus a scríobh sé a chéad úrscéal, Feur Buidhe an t-Samhraidh. Is é Tinte na Farraige Duibhe an chéad úrscéal fada ficsin eolaíochta i nGaidhlig nó i nGaeilge. Ní hionann agus a chéad úrscéal, a bhfuil an Ghaeilge mar théama inti, suitear Tinte na Farraige Duibhe in ollchruinne mhór Gaeilge. I measc na n-údar a bhí mar eiseamláir ag Tim Armstrong, bhí an tAlbanach Ian Banks agus Frank Herbert, agus na scannáin is sraitheanna teilifíse, Star Wars, Star Trek agus Blade Runner.

An Luingeas Dorcha ar faire, Tim ArmstrongAn Loingeas Dorcha ar Faire….

Leabhar í Tinte na Farraige Duibhe a bhfuil rachairt mhór uirthi ó foilsíodh anuraidh í agus, dá réir sin, a bhfuil an-súil leis an gcéad úrscéal eile sci-fi ó pheann an údair. Go deimhin, tá sé ag obair go tréan ar an úrscéal nua, An Luingeas Dorcha air Fàire, agus foilsíodh an chéad cheithre chaibidil san irisleabhar litríochta Gaidhlig Steall. Úrscéal ficsin eolaíochta atá ann agus tá sé i gceist gur 150,000 focal a bheas ann ar fad!

Aistritheoir Meititéacsúil

San agallamh ar YouTube labhair an t-aistritheoir Eoin P. Ó Murchú freisin ar an gcur chuige a bhí aige san aistriúchán – agus go deimhin, tá alt scríofa aige air seo in Comhar.

Le tabhairt faoin obair réamhaistriúchán bhain Eoin leas as uirlis a bhí cruthaithe ag Caoimhín Ó Scanaill, Intergaelic (IG) — córas atá bunaithe ar chorpas dhá mhilliún focal Gaeilge. Gaireas é seo a rinne éascaíocht dó sa sclábhaíocht a bhaineann le haistriúchán fada agus a chuir téacs Gaeilge ar fáil dó mar thúsphointe oibre. Go deimhin, mar a deir sé féin “d’éirigh liom a chur ina luí orm féin ina dhiaidh sin gur sampla a bhí sa togra d’aistriúchán meititéacsúil (coincheap atá cumtha agam féin, dealraíonn sé), nó aistriúchán ina mbaintear feidhm as ceann de théamaí an téacs (dul chun cinn na teicneolaíochta) leis an téacs féin a aistriú”!

Dar le hEoin go raibh an bhunobair aistriúchán 31% níos tapúla a bhuíochas do chóras Chaoimhín Uí Scanaill. Is mór an chabhair a bheas ann dó agus é ag tabhairt faoi An Luingeas Dorcha air Fàire amach anseo!

Is féidir breathnú ar an agallamh ar YouTube anseo: