Your cart is currently empty!
Deoch an Tobair
Deoch an Tobair: 320 lch; clúdach bog, ISBN 978-1-913814-62-5
Panorama éachtach de phrós na Gaeilge
Panorama de phrós na Gaeilge le míle bliain anuas atá sa leabhar éachtach seo leis an údar agus scoláire Diarmuid Johnson. Tá léargas sna sleachta sin ar an éagsúlacht agus ar an mbisiúlacht atá i dtraidisiún na scríbhneoireachta idir 1100 agus 1925.
Nótaí teanga agus cur síos ar fhorbairt na teanga
Chomh maith leis na sleachta as saothair mhóra na Gaeilge, tá nótaí teanga leis an údar agus cur síos ar fhorbairt na teanga ón aonú haois déag i leith. Ar na saothair atá faoi chaibidil, tá Immram Curaig Maíle Dúin, Táin Bó Cuailnge, Caithréim Cheallaigh, Annála Ríochta Éireann, Mac na Míchomhairle, Cín Lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin, Fealsúnacht Aodha Mhic Dhomhnaill, agus go leor eile a tarraingíodh as tobar an traidisiúin, tobar a bhfuil doimhneas agus úire ann, athnuachan agus íocshláinte, uaisleacht agus intleacht, aduaine agus aistíl, aibíocht agus ársaíocht, íogaireacht agus áilleacht.
Cóiriú ealaíonta an údair
‘Dá mbeadh cúrsa á cheapadh agam ar stair na Gaeilge, idir litríocht agus teanga, seo é an téacsleabhar a bheadh agam. Tá scoth na litríochta ann agus é cóirithe go healaíonta sa Nua-Ghaeilge ag an údar. Tá réamhrá le gach sliocht a shuíonn an píosa ina chomhthéacs staire agus litríochta féin. Ina theannta sin, soláthraíonn an t-údar nótaí a mhíníonn na ceisteanna gramadaí is tábhachtaí i stair na teanga. Vademecum é Deoch an Tobair do lucht léinn na Gaeilge.’ — An Dr Aidan Doyle
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-
Mé Suibhne
Feargal Ó Béarra€16.00Mé Suibhne: Scéal faoin ngalar intinne, faoi mhaslú na hEaglaise, faoi oidhe íogair an duine. Scéal ina bhfuil na seacht dtéamaí uilíocha: an grá, an ghruaim, an duairceas,...
Cuir sa Chiseán -
Conaire Mór
Diarmuid Johnson€16.00Conaire Mór: athinsint bhríomhar ar an eipic Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga — sceal a thosaíonn le rí á ghairmeadh de Chonaire agus a chríochnaíonn lena mharú brúidiúil...
Cuir sa Chiseán -
Ceallach
Diarmuid Johnson€16.00Ceallach: Os cionn míle ceithre chéad bliain ó shin, thug buíon manach as Éirinn aghaidh ar mhór-roinn na hEorpa chun an creideamh Críostaí a leathadh ar na págánaigh....
Cuir sa Chiseán -
Seacht dTír Seacht dTeanga
Diarmuid Johnson€15.00Seacht dTír Seacht dTeanga: leabhar taistil, leabhar teangacha, leabhar amhrán agus ceoil, leabhar ilghnéitheach bríomhar faoi dhaoine a casadh don údar ar a sheachrán dó ar fud na...
Cuir sa Chiseán