1 Item

I dTír Mhilis na mBeo

Colm Ó Ceallacháin

10.00

I dTír Mhilis na mBeo: 176 lch; bog; 978 1 907494 71 0
(Cois Life, 2017)

Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2017

Seo é a chéad chnuasach gearrscéalta le Colm Ó Ceallacháin. Ní mar a shíltear a bhítear. An é sin an Pápa a fheicimid ag feitheamh le beirt bhuachaillí óga le linn a chamchuairt ar Éirinn in 1979? Nó an cuairteoirí ó phláinéad eile iad siúd atá ag caitheamh a gcuid laethanta saoire cois trá?

Searbh ar Uairibh …

Tá pearsana sa chnuasach seo ag fás aníos is ag teacht in inmhe. Tá carachtair eile ag druidim le saol na díchuimhne agus speabhraídí na seanaoise ag breith orthu. Táimid de shíor dár bhfuadach as an saol seo, ach i scéal amháin is í an litir ‘i’ féin atá fuadaithe, le filleadh ina táinte sa chéad scéal eile.

Searbh í ar uairibh, ach ní mór dúinn rince go clabhsúr mar sin féin, i dtír mhilis seo na mbeo.

“Ceapaim gur an-chnuasach go deo é seo. Éiríonn le gach scéal suíomh thar a bheith réalaíoch a léiriú agus saol an ghnáthdhuine a iniúchadh go mion.  Nochtann Colm Ó Ceallacháin téamaí daonna láidre tríd na scéalta, cleachtadh a chuireann an léitheoir ag machnamh arís agus arís eile. Anuas air sin is cnuasach breá soléite é a bheadh foirfe do chlubanna leabhair.  Molaim go mór é as an saothar spéisiúil nua-aimseartha seo.” — Áine Ní Ghlinn, Raidió na Gaeltachta 27/6/17

“Tá dhá scéal ar leith ar deacair gan suntas a thabhairt dóibh. Samplaí den litríocht shrianta nó ‘constrained literature’ iad. Sa chéad cheann, Fuadach, fuadaítear an guta ‘i’ agus ní úsáidtear ar chor ar bith sa scéal é agus sa dara ceann, a thagann díreach ina dhiaidh, níl mar ghuta ann ach ‘i’.
Léiríonn Fuadach go háirithe cumas an scríbhneora agus scéal gasta inste aige gan aon chabhair ó ghuta áirithe, scéal a bhfuil rian den bhleachtaireacht agus den tráchtaireacht pholaitiúil air. Tá ceangal idir an dá scéal seo agus cé gur deacra i bhfad scéal a bhfuil dealramh leis a scríobh gan ‘aeou’, éiríonn leis mar phíosa próis cé gur cosúla le filíocht é. Chuirfeadh an cleas seo i gcuimhne duit an Francach Georges Perec, a scríobh an t-úrscéal La Disparition sans ‘e’; agus nár úsáid ach ‘e’ in Les Revenentes. Cuireann cleasaíocht mar seo le nuálaíocht an chnuasaigh, agus ní ar mhaithe le cleasaíocht amháin é.” — Eoin P. Ó Murchú, Tuairisc.ie.

Léigh an léirmheas ar Tuairisc.ie