Your cart is currently empty!
Saighdiúir
€16.00
Saighdiúir: 312 lch; bog; 978-1-913814-35-9
Faoi thailm na bpléascán agus chnagarnach bhuan na ngunnaí móra, faighimid radharc scanrúil ar an chogadh trí shúile an fhir óig seo as Gaeltacht Chloich Chionnaola, agus é féin agus a chomhaoisigh á gcur thar an mhullach isteach sa chath, gás nimhe ag scalladh na scamhóga astu, agus an fód á dheargadh lena gcuid fola.
Saothar Ceannródaíoch agus Úrscéal Cumhachtach Frithchogaidh
In ainneoin na mílte Éireannach a thit i gcogadh mór 1914-1918, is beag trácht orthu i litríocht na Gaeilge. Seo é an chéad úrscéal sa teanga a insíonn a scéal. Ní hé amháin gur saothar ceannródaíoch é Saighdiúir ach is úrscéal cumhachtach frithchogaidh é, agus é tugtha chun solais go húr beo máistriúil ag Cathal Ó Searcaigh.
An Stíl Ghlansnoite Phróis a Chleacht Muintir Ghrianna Roimhe
Le breis agus daichead bliain tá a mharc searcúil féin á chur ar an mórfhile Conallach seo ar litríocht na Gaeilge. Ní heisceacht ar bith an saothar nua seo, an stíl ghlansnoite chéanna phróis a chleacht muintir Ghrianna roimhe curtha os ár gcomhair arís go fuinte fileata ag Ó Searcaigh, cúram an fhile tugtha aige do chaint na coitiantachta. Tá oighre faighte acu i dtaca le máistreacht teanga.
Úrscéal Mór Gaeilge an Chogaidh Mhóir
Tógfaidh an leabhar seo, Saighdiúir, a háit ar an tseilf in éineacht le húrscéalta Erich Maria Remarque agus Jaroslav Hašek, agus níl aon amhras ach gurb é úrscéal mór Gaeilge an Chogaidh Mhóir é. Faoi scáth an Earagail i nGaeltacht Chloich Chionnaola atá cónaí ar Chathal Ó Searcaigh, duine de phríomhfhilí na Gaeilge.
Ar na leabhair is deireanaí uaidh tá Errigal: Sacred Mountain, Teach an Gheafta, agus An Bhé Ghlas. Bhronn Ollscoil na hÉireann céim oinigh air sa bhliain 2000 agus bronnadh The Ireland Literary Award air i 2007. Bhuaigh sé an Irish Times Literature Prize i 2001. Tá sé ina bhall d’Aos Dána.
“Tá a húrscéal frithchogaidh ag an nGaeilge anois … agus úrscéal Gaelach”— Aonghus Ó hAmhain, Smaointe fánacha Aonghusa.
“A leithéid d’úrscéal! Caoinfidh tú, gáirfidh tú, spréachfaidh tú, bainfear an mothú asat, cuirfear fonn múisce ort ach i lár an uafáis léifidh tú prós atá chomh hálainn leis an bhfilíocht is snoite, chomh glé leis an ealaín is taibhsí agus chomh grinn leis an gceamaradóireacht is cruthanta.” — Máire Ní Fhinneadha, Tuairsc.ie
“Saighdiúir is an immense achievement. Cathal Ó Searcaigh displays an imaginative and inspiring mastery of language, character and plot in one of the most impressive Irish language novels you are likely to read this or any other year. ” — Cathal Poirtéir, Books Ireland
Léigh léirmheas Mháire Ní Fhinneadha ar Tuairisc.ie
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-
Fontenoy
Liam Mac Cóil€18.00Fontenoy: In Chartres na Fraince fuarthas leathanaigh chlóbhuailte ón 18ú haois, agus tagairt d’údar mistéireach na bprofaí seo, an Captaen Seán Ó Raghallaigh. Ábhar an leabhair: Tuarasgbháil ar...
Cuir sa Chiseán -
Filleann Seoirse
Eilís Ní Anluain€15.00Filleann Seoirse: Úrscéal tuisceanach liriciúil liteartha suite i mbaile cois farraige in Éirinn na linne seo. Bean óg, Lís, a insíonn mar a athraíonn a saol lena fear...
Cuir sa Chiseán -
An Bhé Ghlas
Cathal Ó Searcaigh€12.00I gcnuasach nua seo Uí Shearcaigh, tá a réim radhairc agus a raon tuisceana níos leithne ná riamh; an domhan sofheicthe agus an domhan dofheicthe á dtabhairt le...
Cuir sa Chiseán -
Hula Hul
Seán Mac Mathúna€12.00Ciarraí, 1923. Ar bharr an choma thuas chas sé agus d'fhéach sé thar n-ais. Bhí sí fós ann, le hais an tobair, is a buicéidín aici is í...
Cuir sa Chiseán