Your cart is currently empty!
Bláthnaid
€18.00
Bláthnaid: 56 lch; clúdach crua; 978-1-913814-56-4
Tá scéal Bhláthnaide ar cheann de scéalta móra na Rúraíochta. Is ann atá cur síos ar Chú Raoi, rí Dheasumhan agus ard-asarlaí Éireann, agus ar an gcaoi ar fhuadaigh sé Bláthnaid, iníon álainn rí Mhanann, go dtí a dhún féin, Cathair Con Raoi i gCiarraí.
É ina Bháire Fola idir Muimhnigh is Ultaigh
Ach níorbh é Cú Raoi amháin a leag súil uirthi. Shantaigh Cú Chulainn freisin í agus is mar gheall ar ghrá na beirte di a bhí sé ina bháire fola idir Muimhnigh agus Ultaigh ar shleasa Shliabh Mis. Go deimhin, tá sé sa seanchas fós i gCiarraí gur dhoirt Bláthnaid bainne in abhainn na Fionnghlaise mar chomhartha do Chú Chulainn agus na hUltaigh go raibh Cú Raoi ina chodladh gan chosaint sa dún.
Bláthnaid agus an Táin
Iníon le Meann, Rí Mhanann, ab ea Bláthnaid, agus ba le Clanna Deadhadh, de shliocht na nÉireann (Iverni), a bhain Cú Raoi mac Dáire. Treibh a bhí iontu siúd a d’fhág a n-ainm ar an tír agus a rian ar Chúige Mumhan, ach go háirithe. Sa mhórscéal Táin Bó Cuailnge, ghlac Cú Raoi páirt i slógadh Mhéibhe is Ailealla in aghaidh na nUltach, agus sna tráchtais ghinealaigh, léirítear a ghaol leis an ardrí Conaire Mór.
Ealaín Álainn Anastasia Melnykova
Áirítear an seanscéal Oidhe Chú Raoi mhic Dáire (Aided Conrói maic Dáiri) ar mhórscéalta na Rúraíochta. Sna lámhscríbhinní Leabhar Buí Leacáin (a scríobhadh thart ar an mbliain 1400) agus Egerton 88 (a scríobhadh sa 16ú haois) atá an dá leagan is sine den scéal, agus tá leaganacha eile de ar fáil i Laud 610 agus i bhForas Feasa an Chéitinnigh.
Is ar na leaganacha sin a bhunaigh Darach Ó Scolaí an leagan nua seo. Is í Anastasia Melnykova a rinne an obair álainn ealaíne.
“The drama takes off from the first page … The story is told in a style that is both crisp and elegant, and rich in language while being highly readable … Bláthnaid is a short book, beautifully produced by Leabhar Breac with many evocative illustrations by Ukrainian artist Anastasia Melynkova, in her very individual take on both early Irish and fantasy literature art.{ — Anna Heussaf, Books Ireland
“Tá meascán de phrós agus véarsaí i gceist sa leabhar, ach ós fileata go maith an insint níl mórán de léimt aigne eatarthu, an scéal inste go binn sa chaoi gur éasca é a shamhlú á aithris ó bhéal, rithim na bhfocal dár luascadh ó radharc go radharc.” — Gráinne Ní Mhuilneoir, Tuairisc.ie
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-
Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne
Nessa Ní Shéaghdha€18.00: Nuair a chuireann iníon an Ard-Rí Diarmaid ó Duibhne faoi gheasa bíonn air rogha a dhéanamh idir a onóir mar laoch agus a dhílseacht d'Fhionn agus don...
Cuir sa Chiseán -
Deirdre
Darach Ó Scolaí€18.00Deirdre agus Chlann Uisnigh — ceann de mhórscéalta na nGael. I Leabhar na hUidhre agus i Leabhar na Nua-Chongbhála atá na leaganacha is sine de, agus bailíodh leaganacha...
Cuir sa Chiseán -
Éadaoin
Diarmuid Johnson€16.00Is é scéal Éadaoine scéal mór grá na Sean-Ghaeilge, scéal nár mhair ach ina bhlúirí, blúirí i Leabhar na hUidhre, blúirí i Leabhar Buí Leacan. Tá an t-ábhar...
Cuir sa Chiseán -
Táin Bó Cuailnge
Darach Ó Scolaí€18.00Is é Táin Bó Cuailnge an scéal is faide agus is tábhachtaí atá againn sa luathlitríocht, agus tá sé ar cheann de na heipicí próis is mó agus...
Cuir sa Chiseán