Your cart is currently empty!
Conamara agus Tíortha Eile
€18.00
Conamara agus Tíortha Eile: 152 lch; crua; ISBN: 9781913814755
Dánta i sé cinn de theangacha
Idir 2015 agus 2025 a cumadh an fhilíocht atá sa díolaim seo. Tá dánta inti i sé cinn de theangacha. Is tír ar leith gach teanga de na sé theanga sin, tíortha a bhíonn an file a shiúl agus a thaithí.
Bíobla mór na farraige
Is é Conamara idir thuaidh agus theas tír na Gaeilge san atlas pearsanta fileata seo. Is tír í féin a bhfuil bíobla mór na farraige le síorléamh ann, tír a mbíonn an spéir mhór ilscáfar tobargheal ag síorthál míle solas ann. Thar aon ní eile, is í tír na Gaeltachta í.
An file ar a fhánaíocht
“Fiaire feá é Johnson a bhfuil de phribhléid againne seal a chaitheamh ina fhochair ar a fhánaíocht dó.” — Darragh Ó Caoimh, Breac
Scríbhneoir, file, ceoltóir, scoláire, aistritheoir agus iriseoir é Diarmuid Johnson. Tá cuid mhór dá shaol caite aige sa Bhriotáin, sa Ghearmáin, sa Pholainn agus sa Bhreatain Bheag, agus tá cur síos ar chuid d’imeachtaí na mblianta sin sa leabhar Seacht dTír Seacht dTeanga (2021).
Diarmuid Johnson is a well-known figure in literary and musical circles in Ireland and abroad. In Conamara agus Tíortha Eile (Connemara and Other Countries), his eighth collection of poems, he takes us on lyrical odyssey through Ireland, Wales and much of western Europe, weaving together in a unique work the experiences of a monumental decade of discovery and revelation.
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-
Amhráin Amhairgin
Máire Mhac an tSaoi€18.00Amhráin Amhairgin: Don té a bheadh ag iarraidh dul amach ar shaothar Mháire Mhac an tSaoi, tá fianaise bhreise sa leabhar seo ar an acmhainn diamhair teangan agus...
Cuir sa Chiseán -
Marbhnaí Duino
Rainer Maria Rilke & Máire Mhac an tSaoi€15.00Tá aistritheoir a dhiongbhála aimsithe ag Rilke i Máire Mhac an tSaoi. Ní hamháin go léiríonn sí acmhainn agus uaillmhian an bhundáin Ghearmáinise, baineann sé geit chomh maith...
Cuir sa Chiseán -
Éadaoin
Diarmuid Johnson€16.00Is é scéal Éadaoine scéal mór grá na Sean-Ghaeilge, scéal nár mhair ach ina bhlúirí, blúirí i Leabhar na hUidhre, blúirí i Leabhar Buí Leacan. Tá an t-ábhar...
Cuir sa Chiseán -
An Bhé Ghlas
Cathal Ó Searcaigh€12.00I gcnuasach nua seo Uí Shearcaigh, tá a réim radhairc agus a raon tuisceana níos leithne ná riamh; an domhan sofheicthe agus an domhan dofheicthe á dtabhairt le...
Cuir sa Chiseán