1 Item

Siúrmó

Jean-Claude Izzo

15.00

Siúrmó: 280 lch; clúdach bog; 978-1-913814-28-1

Bréan den chaimiléireacht agus den chiníochas, tugann Fabio Montale a chúl leis na póilíní agus socraíonn síos leis an saol simplí a chaitheamh faoi sheanrithimí an bhaile — an fharraige, an t-iascach, beár na háite, agus cluichí belote faoin ngrian. Ach nuair a imíonn mac lena chol ceathrair gan tásc, tarraingítear Montale ar ais isteach i gcúlsráideanna dorcha Mharseille – agus i gcúlbhóithre na cuimhne.

Cathair Chrua na Meánmhara

Cur síos álainn fileata é seo ar Mharseille — ó chúlsraídeanna an Phanier go dtí an Canabiere agus anuas go dtí an seanchalafort, agus ar na Francaigh, na hIodálaigh, na Spáinnigh agus na hArabaigh — na Meánmharaigh arbh iad pobal na cathrach sin iad, agus ar mhór leis an bhfile agus úrscéalaí Jean-Claude Izzo iad.

I nGaillé Garbh an tSaoil

Ón Ocsatáinis an focal Siúrmó (Chourmo), foireann sclábhaithe a bhíodh ag iomradh ar na gaillí Rómhánacha, tráth den saol, ach a bhfuil ciall eile anois leis: buíon daoine atá i gcruachás agus ar gá dóibh tarraingt ar aon bhuille le teacht slán. Agus i ngaillé garbh an tsaoil, ní mór do chách tarraingt ar aon bhuille nó báfar iad ar fad!

Léitheoireacht den Scoth

“Tá scil ar leith ag Izzo íomhá iomlán uileghabhálach den chathair a chruthú lena chuid focal – cloistear na fuaimeanna agus blaistear na bolaithe atá timpeall ar Montale agus é ar a dhícheall teacht suas le dúnmharfóirí an scéil … Leabhar an-mhaith a bhí ann le léamh ar bhruach na linne snámha.” Maitiú Ó Coimín, NÓS

“Ana-chuid aicsin! Leabhar don trá. Braithim anois go raibh mé i Marseille. Cruthaíonn sé pictiúr iontach den chathair, de na cúlsráideanna, den bhfochultúr … agus is scéal ana-mhaith ar fad é!” — Áine Ní Ghlinn, Tús Áite, RTÉ Raidió na Gaeltachta

A ndúirt na léirmheastóirí faoi Kíor Thuathail:

“Tá obair mhór déanta ag Bernadette Nic an tSaoir. Éiríonn léi leabhar beo a chur roimh an léitheoir. Ní mhúchann sí glór an údair ach cuireann ag caint i nGaeilge é agus caitheann sí roinnt focal Fraincise leis an léitheoir anois agus arís leis an chomhthéacs a shaibhriú … léitheoireacht den scoth.” — Pól Ó Muirí, The Irish Times

“Is féidir an ghrian a mhothú ar do chraiceann, an sáile a bhlaiseadh. Agus an biotáille, an miangas, an dóchas is éadóchas. Grá agus gruaim. Scéinséir lán castaí is corranna … Coirpigh. Póilíní, idir dhíreach is cham. Tuismitheoirí díograiseacha ar loic an tír orthu. Ógánaigh ag iarraidh saoirse is meas. Agus grá. Formad, drúis, saint. Iarrachtaí bheith ionraic i saol lofa.” — Smaointe Fánacha Aonghasa

Léigh le Maitiú Ó Coimín an léirmheas ar NÓS

Éist le léirmheas Áine Ní Ghlinn ar Raidió na Gaeltachta

Eist le plé ar an leabhar ar ClubLeabhar.com