1 Item

Ceallach

Diarmuid Johnson

16.00

Ceallach: 144 lch; clúdach crua; 978-1-913814-25-0

Ar Imeallchríocha na Críostaíochta

Sa bhliain 591, chuaigh buíon manach as Beannchar ar eachtra go himeallchríocha na Críostaíochta ag craobhscaoileadh bhriathar Dé. Is é Columbanus Naomh ba cheann feadhna orthu. I measc na ndeisceabal a thug cúl le dúchas in éineacht leis, bhí cléireach darbh ainm Ceallach.

Cillín ar an Uaigneas

Tar éis aistear eipiciúil mara, seachrán agus cruatan, bhunaigh Columbanus agus Ceallach mainistreacha in oirthear na  Fraince agus i ndeisceart na Gearmáine. Ach tharla easaontas eatarthu, agus rinne Ceallach cill dá chuid féin ar an uaigneas. Sankt Gallen is ainm do láthair na cille sin inniu – cathair agus ionad léinn i dtuaisceart na hEilvéise.

Scéal Cheallaigh: Scéal na hEorpa

Ceallach: manach agus mac rí; deoraí agus díthreabhach – is é a scéal féin atá sa leabhar seo. Tá cuid de scéal na Gaeilge ann chomh maith, agus de scéal na comaoine a chuir lucht na Gaeilge ar shaoithiúlacht na hEorpa míle go leith bliain ó shin. Ceallach: níor fhill sé ar Éirinn lena bheo. Ach tá scéal a bheatha slán arís.

“The rich, poetic language draws us beautifully into Ceallach’s world.” Áine Ní Ghlinn, The Irish Times.

“Seo leabhar álainn a léifear go minic le cion is práinn … Ní bíobla lán soiscéalta is aitheanta atá anseo ach dialann taistil tráth nárbh éasca … “Sinn caite cnámhach, sinn caolghiallach, ceannscáinte, sinn criosfháiscthe cnagchosach, sinn cuasphlucach críonghéagach. Lorg síne agus slí orainn.” — Máire Ní Fhinneadha, Tuairisc.ie

Léigh an léirmheas ar Tuairisc.ie

Léigh sliocht as an leabhar: ‘An Eoraip’

Léigh “Mé Ceallach: Ag seo mo Scéal” san iris Nós

An t-údar ag labhairt linn sa mbaile, sa mBriotáin, faoin úrscéal nua:

Léirmheas le Eoin P. Ó Murchú: