1 Item

Mé Suibhne

Feargal Ó Béarra

16.00

Mé Suibhne; 160 lch (crua); 978-1-913814-08-3

Suibhne Geilt: Scéal faoin ngalar intinne, faoi mhaslú na hEaglaise, faoi oidhe íogair an duine. Scéal ina bhfuil na seacht dtéamaí uilíocha: an grá, an ghruaim, an duairceas, an suairceas, an t-aiféala, an maithiúnas, agus an slánú.

Léargas grinn ar an meabhairghalar

Téacs tábhachtach as canóin liteartha na hEorpa é an scéal mór seo de chuid na Gaeilge ina dtugtar grinnléargas tuisceanach den chéad uair riamh in aon cheann de theangacha neamhchlasaiceacha na hEorpa ar an ngeilt agus ar an lorg a fhágas an meabhairghalar ar a intinn is ar a dhán.

Tugtar guth sainiúil don indibhid

Téacs é Buile Shuibhne a cumadh go gairid tar éis 1200 ina gcloistear — roinnt céadta bliain sular tharla a leithéid (aimsir an Renaissance) sa gcuid eile de litríocht na hEorpa — guth sainiúil suaithinseach na hindibhide. Sa leabhar seo, Mé Suibhne, tá athchóiriú déanta ag Feargal Ó Béarra ar cheann de mhórscéalta na hÉireann agus na hEorpa.

“Scéal ar an gcumhacht, ar an gcreidimh; an tráma inste go paiteanta … téacs atá anseo don gcluas.” — Aonghus Ó hAlmhain, Smaointe Fánacha Aonghusa

“Chuaigh fuacht is ocras Shuibhne go feirc ionam”

“It is a notable achievement for the author that the language in this twenty-first century version manages to echo the language and feel of the original while allowing the author to recast it to give readers an enjoyable and coherent story, handling both poetry and prose with sensitivity and imagination.” — Cathal Póirtéir, Books Ireland

“Is minic a bhínn in éad le Suibhne an Bhéarla agus é ag eitilt thart ó áit go háit ar a chomhairle fhéin agus mise i ngéibheann ag cúraimí an tsaoil ach bhí breall orm. Chuaigh fuacht is ocras Shuibhne go feirc ionam sa leagan seo, ghoin a uaigneas agus an coimhthíos mé, ghortaigh na deilgní mo chosa agus ar mo bhosa fhéin a bhí léasracha na ndriseacha. Mise agus an dúlra na teiripeoirí agus Suibhne ag nochtadh a chéasta dom – agus b’in é féin a thuig go rímhaith a chás, cás an uile dhuine.” — Máire Ní Fhinneadha, Tuairisc.ie

“Is é an t-athrú nó an claochlú croí na scéalaíochta. Céard is cor don té a sheasann roimh leathadh na cumhachta agus céard a bhaineann dó? Spídiúlacht nó slánú? Sin iad na mórábhair thráchta a thagann chun cinn in imeacht scéal Bhuile Shuibhne agus teacht anois ar fhilíocht fhuinte agus leagan pras próis de, toradh ar athshamhlú críochnúil Fheargail Uí Bhéarra. Tá scrupall agus eitic i gcóiriú an uile fhocail agus sa dúthracht a dhéantar le scríobhaí Thír Oirill Dáibhidh Ó Duibhgeannáin. Is tráthúil gur thall sa mBruiséil atá cuid de bhloghra an bhunábhair – dánta a luaitear le Mo Ling san 11ú haois – agus éacht suntasach is ea an t-iarfhocal mar phíosa soilbhir léirmhínithe as féin. Is mór an áilleacht dearadh an chlúdaigh, an tiomnaithe agus na mbileog ceangail.” Dónall Ó Braonáin, Tuairisc.ie

Léigh an léirmheas ar Books Ireland.

Léigh an léirmheas ar Tuairisc.ie

Léigh sliocht as an úrscéal (pdf)

Éistear le Glór an Údair

Dhá shliocht as an leabhar á léamh (agus á chanadh) ag an údar. Ar dtús, léitear sliocht as fíorthús an leabhair, lgh 13-14: “Ní leat, ní leat ach liomsa….”

 

Sliocht as  lgh 65-67; “Go suaimhneach socair dom….”