Your cart is currently empty!
An Béirín Dána
€7.50
48 lch; clúdach bog; ISBN 978 1 911363 14 9
Úrscéal maisithe sa tsraith ‘Níotú’ don aoisghrúpa 7+ faoi indiach beag dearg, agus a chuid cairde.
‘Níor cheart duit dul rófhada i d’aonar,’ arsa an t-ulchabhán leis. ‘Ní cara le páistí í an oíche.’
‘Is gaiscíoch de chuid na dTípíonna Beaga mé. Táim ag cuardach béirín atá imithe ar strae.’
‘Tá sé i ndroch-chomhluadar,’ arsa an t-éan.
‘Go díreach! Ná cuirimis aon am amú. Seo linn,’ arsa Níotú.
Agus an oíche ag titim, feiceann Níotú lorg béir sa sneachta. Tá an tIndiach beag cinnte go bhfuil an béar i gcontúirt agus téann sé ina dhiaidh tríd an bhforaois chun cabhrú leis….
Indiach Dearg is ea Níotú. Tá sé ina chónaí lena athair is a mháthair i dtípí. Thart timpeall orthu tá treibh na dTípíonna Beaga. Gach lá, in éindí lena chairde Fataí agus Navó, téann Níotú ag spraoi san fhoraois, ag foghlaim faoi ainmhithe agus faoin nádúr.
Seo an cúigiú leabhar sa bhailiúchán ‘Níotú’.
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-
Ag Imeacht le Sruth
Marc Cantin€7.50Gan cead óna athair, téann Níotú ag spraoi ina chanú san abhainn. Is gearr go dtugann an canú le sruth é. Cén chaoi a dtiocfaidh an tIndiach beag...
Cuir sa Chiseán -
Ollphéist an tSléibhe
Marc Cantin€7.50'Treoróidh an cleite dearg go dtí an ollphéist thú,' ar sé os íseal. Déanfaidh an cleite buí fíorbheag thú, agus ceanglóidh tú an cleite dubh den tsaighead chun...
Cuir sa Chiseán -
Cara Nua
Marc Cantin€7.50Chonaic Níotú rud éigin a chuir an cluiche as a cheann. Bhí racún óg ina luí in aghaidh an chrainn agus é beagnach i bhfolach faoi na duilleoga....
Cuir sa Chiseán -
Ar Cosa in Airde
Marc Cantin€7.50Rith Níotú, léim sé in airde ar dhroim Phítsí, agus rug sé ar a mhoing. Chaith an searrach Níotú ar a bholg ar an talamh. ‘Ha! Ha! said...
Cuir sa Chiseán