An Nollaig Thuas

Aoife Ní Dhufaigh

7.50

An Nollaig Thuas: 64 lch; clúdach bog; 978-1-909907-98-0

Is sióg óg í Luisne atá ina cónaí faoi Lios Lurgain i nDomhan na Sí. Agus í ag foghlaim faoi shaol na sí agus faoi dhomhan na ndaoine, tarlaíonn go leor eachtraí di féin agus dá cairde. Scéal gairid taitneamhach í seo do léitheoirí óga idir 8 agus 12 bliana d’aois.

Ní mian linn aird a tharraingt orainn féin!

Tá cuireadh faighte ag Luisne agus Deirdre óna n-aintín Gormlaith an Nollaig a chaitheamh i measc na nDaoine sa Domhan Thuas. Is gearr go bhfeice siad cé mar a chaitear ‘an Nollaig thuas’! ‘Ná bainigí úsáid as na Cleasa Sí anseo,’ arsa Aintín Gormlaith leo. ‘Ní mian linn aird a tharraingt orainn féin!’ Ach nuair a thosaíonn cailíní na comharsan ag tromaíocht ar an mbeirt, bíonn an-fhonn orthu ceacht a mhúineadh dóibh!

An Nollaig i measc na nDaoine sa Domhan Thuas!

“Seo an tríú leabhar sa sraith. Tá an dá sióg óg Deirdre agus Luisne ar chuaird ar a haintín Gormlaith agus a mac siúd Conaire san domhan thuas. Aimsir na Nollaig atá ann. Tá sceitimíní orthu beirt leis na rudaí nua ar fad a fheiceann siad, sneachta agus bronntanais. Bíonn sé deacair orthu gan an chosc ar úsáid na cleasa sí a shárú nuair a bhíonn beirt chailín ar chomhaois le Conaire ag spochadh go gránna astu. Ach roimh deireadh tagann siad ar thuiscint dóibh agus déanann muintearas leo.

Léargas as an Nua ar Dhraíocht na Nollag

“Tá na scéalta breá spraíúil, eachtrúil, agus is féidir le léitheoirí óga ionannú leis na sióga óga. Cé gur léigh mé na leabhair le m’iníon bhí sí breá ábalta dul i ngleic leo í féin. Mar is dual do Leabhar Breac tá na leabhair féin snasta idir chló, léaráidí agus dearadh. Tá na leabhair dírithe ar léitheoirí neamhspleácha thart ar 9 nó 10 mbliana d’aois.” Aonghus Ó hAlmhain, Smaointe Fánacha Aonghusa.

Seo í an tríú leabhar sa bhailiúchán leabhar sí Luisne Lios Lurgáin