Your cart is currently empty!
Éanna Corr
€12.00
Éanna Corr: 136 lch., clúdach bog, ISBN : 978-1-913814-59-5
‘Conas is féidir duine a shábháil nuair nach dtuigeann sé féin go bhfuil sé i gcontúirt?’
Duine ar an imeall é Éanna Ó Corra. Aonarán i measc na ndaltaí eile i bPobalscoil na Carraige. Éan corr, go deimhin. Ach cuirtear casadh i scéal Éanna nuair a thagann dalta nua chun na scoile. Ní dalta mar gach dalta eile é Síomón Collina. Tá sé muiníneach. Tá sé cliste. Agus tá sé ag iarraidh a bheith mór le hÉanna. Ach an féidir go bhfuil rud éigin á cheilt aige? An cairdeas nó cleasaíocht atá le tairiscint aige? Agus cé hiad an dream rúnda seo, an Teampall Nua?
Cairdeas, saoirse agus misneach
Úrscéal do dhéagóirí is ea Éanna Corr, úrscéal a thugann aghaidh ar shaol ár linne, ar an uaigneas, ar an mbulaíocht, agus ar an misneach is gá le tabhairt faoin saol.
‘Choíche ná go deo, ná díol do shaoirse ar mhaithe le comhluadar.’
Scéal faoi chairdeas atá in Éanna Corr. Scéal faoi shaoirse is ea é chomh maith. An mbeidh Éanna in ann an fód a sheasamh dó féin agus dá chara? An mbeidh sé de mhisneach aige na ceisteanna crua a chur, fiú má chuireann sé sin an cairdeas i mbaol? An mbeidh aird aige ar chomhairle a dheirféara, Brídín: ‘Choíche ná go deo, ná díol do shaoirse ar mhaithe le comhluadar.’
Soléiteacht agus nádúr cainte Mhic Lochlainn
“Is cinnte dá mbeinnse fós ag teagasc déagóirí óga go mbeadh an leabhar seo á moladh agam dóibh. Ní taobh le téama tráthúil atá an leabhar ach tá leibhéal na teanga agus líon na bhfocal tomhaiste i gceart freisin. Aon duine a bhfuil aon taithí aige ar shaothar eile le hAntain Mac Lochlainn ní bheadh sé ag súil ach le soléiteacht agus nádúr cainte. … Is deas mar a nochtann Mac Lochlainn an próiseas teagaisc, idir pheataireacht is bhagairt, agus ní hiontas linn go slogann Éanna a ndeirtear d’ainneoin a amhrais faoi rudaí áirithe” —Máire Ní Fhinneadha, Tuairisc.ie
Léigh an léirmheas ar Tuairisc.ie
Éanna Corr: nótaí agus cleachtaí ranga don tSraith Shóisearach
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-
Smacht
Colm Mac Confhaola€9.00Tar éis di beirt deifiúracha óga a chailleadh i ndóiteán tí, dóiteán a tharla de bharr an óil agus na toitíní, téann Rós agus a cuid tuismitheoirí chun...
Cuir sa Chiseán -
Danny Seaimpín an Domhain
Roald Dahl€9.00Tá Danny, Seaimpín an Domhain ar cheann de na leabhair is mó aistriúcháin ar domhan. Insítear scéal Danny agus a athar William san úrscéal seo (1975) a phléann...
Cuir sa Chiseán -
An Leathanach Bán
Pénélope Bagieu€12.00Ar bhínse sráide, i bPáras, tá bean óg ag iarraidh teacht chuici féin. Níl cuimhne aici ar a hainm, nár ar an bhfáth a bhfuil sí san áit...
Cuir sa Chiseán -
Eachtra ar Oileán na Rún
Brian Ó Broin€9.00Samhradh ciúin in Éirinn? Beag seans! Tá ceann de sheoda móra na tíre goidte as an Ard-Mhúsaem agus tá cailís ríluachmhar imithe ó láthair sheandálaíochta ar oileán ar...
Cuir sa Chiseán