Your cart is currently empty!
Óró
€12.00
Óro: 120 lch; bog; 978-1-913814-36-6
San eachtra scleondrach chorraitheach seo, éalaíonn ógánach ar bord loinge agus téann thar farraige siar sa tóir ar ór El Dorado.
Ollphéisteanna agus Nithe Nach Iad!
Arís eile, cruthaíonn Titley a shárchumas scéalaíochta, agus cuireann cosa faoina shamhlaíocht a thugann thar an aigéan sinn go hoileáin rúnda — ina gcastar ollphéisteanna orainn agus nithe nach iad! — agus go hollchríoch ainneoil an óir.
Eachtra fantaisíochta nó fabhalscéal eachtraíochta — scéal é seo lán le daonnacht, drámaíocht, teannas agus gaois.
“Ní ag plé le foghlaithe mara ar leathchois atáimid, ná sluaite canablach fiú amháin. Is neacha céad uair níos aistí ná sin a chastar ar mhairnéalaigh an San Cristóbal. Is túisce a chuimhneofá ar an fhicsean eolaíochta agus ar eachtraí spástaistil seachas ar Oileán an Órchiste … nuair a ligeann Titley scód lena shamhlaíocht, féadann tú a bheith ag súil le spórt’ — Antain Mac Lochlainn, Tuairisc.ie
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-
Bithiúnaigh
Peadar Ó Cualáin€9.00Úrscéal fantaisíochta do léitheoirí óga i dtús na ndéaga. Beirt an-éagsúil iad an Lorgaire agus Mac Giolla Mór. Cé gur fearín beag atá sa Lorgaire, dar leis féin...
Cuir sa Chiseán -
Raic
Máire Uí Dhufaigh€12.00Úrscéal sa tsraith 'Oileán na Leice' é Raic. Tá sé ina shamhradh arís in Oileán na Leice, agus gan ag déanamh imní do Chaitríona ach cén chaoi leis...
Cuir sa Chiseán -
Danny Seaimpín an Domhain
Roald Dahl€9.00Tá Danny, Seaimpín an Domhain ar cheann de na leabhair is mó aistriúcháin ar domhan. Insítear scéal Danny agus a athar William san úrscéal seo (1975) a phléann...
Cuir sa Chiseán -
Corto sa tSibéir
Hugo Pratt€12.001918: Fágann Corto Maltese Hong Cong le dul ar lorg órchiste an Tsáir. Ar a bhealach trasna na Mongóile agus na Sibéire, in éineacht lena sheanchomrádaí, Raspúitín, cuirtear...
Cuir sa Chiseán