0 Earra

Tá ríméad orainn i Leabhar Breac go bhfuil sé fógartha go bhfuil an t-úrscéal nua le Darach Ó Scolaí, Súil an Daill ar an ngearrliosta don An Post Irish Book Awards. Tréaslaímid an t-ainmniúchán leis an údar, agus le gach uile dhuine a bhí ag obair linn ar an leabhar, Clódóirí Lurgan i nDoire Né, MeasMedia ar an gCeathrú Rua, an dearthóir, Caomhán Ó Scolaí, eagarthóirí, agus dáileoirí. Ar na leabhair eile ar an ngearrliosta, tá EL le Thaddeus Ó Buachalla (Coiscéim), An Dara Rogha le Celia de Fréine (LeabhairComhar), Bádh B’fhéidir le Seán Ó Muireagáin (Éabhlóid) agus Bláth na dTulach le Réaltán Ní Leannáin (Éabhlóid).

Book Cover, portrait of clericDuais an Oireachtais

Bhain an t-úrscéal Duais an Oireachtais amach in 2019 agus, ó foilsíodh í roimh Nollaig anuraidh, tá díol ard uirthi agus beidh athchló á chur uirthi faoi cheann cúpla seachtain.

Úrscéal é Súil an Daill a suitear i gCúige Uladh sa 16ú haois. Scéal Chonchúir Mhic Ardail atá sa leabhar — baintreach, athair clainne, agus ardfheidhmeannach i seirbhís Uí Néill. Fear é a bhfuil fís nua-aoiseach Eorpach aige dá thír. Idir é agus fíorú na físe sin, tá guagacht a thiarna, éad na n-uaisle, cistí folmha, agus a laigeachtaí féin mar dhuine.

“Ard-úrscéal caolchúiseach dúshlánach a áireofar fós i measc mhór-úrscéalta Gaeilge na linne seo … Éacht nach beag.,” a scríobh an Dr Breandán Ó Cróinín in Feasta. Agus ag scriobh do Dhónall Ó Braonáin in Tuairisc.ie, is é a dúirt sé, “Tá an teannas scéalaíochta ar fheabhas … cuidíonn éascaíocht stíle le rosc rua ropanta a dhéanamh den phrós. Togha úrscéil.”

Book cover, a hare in the heather | giorria sa fhraochAn Cléireach agus an Táin

Bhain úrscéal eile le Darach Ó Scolaí, An Cléireach, Duais an Oireachtais amach in 2007 agus Gradam ‘Leabhar na Bliana’ amach in 2008, agus bhain an t-athchóiríú a rinne sé ar Táin Bó Cuailnge Gradam Aodáin Mhic Phóilin amach in 2017.

Is i gClochar na gCon i gCois Fharraige atá cónaí ar Dharach Ó Scolaí lena bhean, Anna Ní Chartúir, agus lena chlann, agus is é atá ina eagarthóir ar an teach foilsitheoireachta, Leabhar Breac.

Tá Leabhar Breac dóchasach go gcabhróidh ainmniúchán Súil an Daill ar an nGearrliosta leo an leabhar a fhógairt go forleathan agus a dhíol i siopaí leabhar móra na tíre. Is i mí na Samhna a fhógrófar an buaiteoir.