“Tá siad tagtha i dtír!” Tá Dáire Donn, Rí an Domhain, agus an cabhlach ollmhór atá bailithe le chéile aige chun ionradh a dhéanamh ar Éirinn tar éis teacht i dtír i bhFionntrá — tá sin, agus cóipeanna de leabhar breá an tSeabhaic (agus í athchóirithe ag Breandán Ó Cróínín) ag tuirlingt anois ar shiopaí maithe leabhar fud fad na tíre!.

Black and white portraitTá Sluaite Rí an Domhain ar an Toinn

Anois agus an uile thír faoina smacht ag Dáire Donn, Rí an Domhain, ach Éire amháin, tá cloiste aige go bhfuil cúis ag Rí na Fraince ar Fhionn mac Cumhaill – i dtaobh gur thug a bhean agus a iníon grá d’Fhionn agus gur éalaíodar go hÉirinn leis – agus tá an deis á tapú aige chun sinn ar fad a chur faoina smacht.

Beidh Thiar Orainn!

Tá súil leis na hollsluaite i bhFionntrá i gCiarraí agus, cé go bhfuil an fód á sheasamh in aghaidh na n-allúrach ag Fionn agus buíon bheag den Fhiann, mura bhfaighe siad cúnamh, beidh thiar orainn uile…!

Book coverPádraig Ó Siochfhradha — ‘An Seabhac’

Ceann de mhórscéalta na Fiannaíochta é Cath Fionntrá. I lámhscríbhinn ón 15ú haois a caomhnaítear an leagan is sine, leagan sa Nua-Ghaeilge Mhoch a bunaíodh ar ábhair níos sine fós. In 1911, a foilsíodh an t-eagrán seo a chéad uair, “aith-innsint ar an seinsgéal as Gaedhilg na haimsire seo”, mar an bhí sa chur síos air sa chéad eagrán. An Seabhac nó Pádraig Ó Siochfhradha an t-údar, duine de na daoine ab ildánaí i stair na hAthbheochana.

Iarfhocal Nua leis an gCróiníneach

Is é an Dr Breandán Ó Cróinín a chur an t-eagrán nua seo in oiriúint do léitheoirí ár linne, agus a scríobh an t-iarfhocal cuimsitheach a dhéanann cur síos ar an mbunscéal agus ar eagrán an tSeabhaic.

“That telling is done in simple, flowing, eloguent, modern Irish, and while it keeps a little to the style of the seanchaidhe, it is neither florid nor verbose, but a vivid, simple and picturesqe narrative throughout.” — Earnán de Siúnta ‘An Buachaillín Buidhe’, An Claidheamh Solais, Nollaig 1911