0 Earra

“Cad is aidhm don fhealsúnacht? Cuir an cheist sin ar fhealsaimh acadúla inniu agus tabharfaidh siad freagra de réir a réimse speisialtachta féin. Rachaidh sé dian ar dhaoine nach scoláirí oilte iad meabhair ar bith a bhaint as na freagraí céanna mar, ach oiread lena gcomhghleacaithe i ranna ollscoile eile, bíonn fealsaimh ghairmiúla ag plé le réimsí taighde atá sainiúil amach is amach. Is de nádúr na hoibre go mbíonn béarlagair dá gcuid féin ar bharr a bpinn is a dteanga acu — friotal cruinnchiallach atá duibheagánach go leor don té nach bhfuil ina chleachtadh. Ach bhí lá ann agus ní bheadh bomaite moille an cheist a fhreagairt….” Sin mar a chuireann Antain Mac Lochlainn tús lena leabhar nua ar an bhfealsúnacht.

Book coverConas is fearr do dhaoine a saol a chaitheamh?

‘Conas is fearr do dhaoine a saol a chaitheamh?’ Sin an cheist fealsúnachta is sine agus is práinní dá bhfuil ann. Is mian le gach duine saol maith a chaitheamh, ach cad é go díreach atá i gceist leis sin agus conas is féidir é a dhéanamh?

An féidir leis na smaointeoirí ársa seo muid a threorú i dtreo na dea-bheatha?

Sa leabhar beag fealsúnachta seo, faighimid comhairle ó chuid de na fealsaimh is clúití de chuid na Sean-Ghréige agus na Róimhe. Castar orainn Soinicithe scannalacha, Stóigh stuama agus Eipiciúraigh a mhol do dhaoine an saol a ghlacadh go breá réidh. Cuirfimid eolas ar Arastatal agus ar Shócraitéas, ‘rí na bhfealsamh.’

Pléitear comhairle na seanfhealsamh i gcomhthéacs ár linne féin. An féidir leis na smaointeoirí ársa seo muid a threorú i dtreo na dea-bheatha?

Antain Mac Lochlainn, Scríbhneoir agus Aistritheoir

Scríbhneoir agus aistritheoir ó Chúil Raithin i gContae Dhoire é Antain Mac Lochlainn. Tá dochtúireacht sa Léann Éireannach aige ó Ollscoil Uladh agus tréimhsí caite aige ag obair le Foinse, Bord na Gaeilge agus RTÉ. Tá sé anois ina eagarthóir ar an suíomh acmhainní Gaeilge, www.aistear.ie.

Ar na saothair is deireanaí leis, tá a lámhleabhar d’fhoghlaimeoirí, Cruinneas, a threoirleabhar ar cheird an aistriúcháin, Cuir Gaeilge Air, agus a threoirleabhar eagarthóireachta, In Ord is in Eagar. Cuireadh a chéad úrscéal, Ruball an Éin, ar ghearrliosta Dhuaiseanna Glen Dimplex 2006, agus tá cáil nach beag air mar aistritheoir liteartha.