Bliain mhór don Táin í — agus tús á chur le hobair ar an scannán beochana Táin Bó Cuailnge! Is é John McCloskey (An Béal Bocht) atá i mbun na hoibre agus tá súil againn go mbeidh an scannán le feiceáil againn in 2026. I mbliana freisin a foilsíodh an t-eagrán nua den leabhar le Darach Ó Scolaí (móide gluais agus innéacs). Seo í an tríú cló ar an leabhar, saothar a bhí as cló le beagnach bliain anuas.
Ionradh Mhéibhe agus Ailealla ar Chúige Uladh
Is é Táin Bó Cuailnge an scéal is faide agus is tábhachtaí atá againn sa luathlitríocht, agus tá sé ar cheann de na heipicí próis is mó agus is clúití dár scríobhadh riamh. Baineann scéal na Tána leis an ionradh a rinne Ailill agus Méabh Chonnacht agus ‘ceithre ollchúige Éireann’ ar Chúige Uladh, ag iarraidh tarbh an chúige a bhreith leo as Cuailnge.
Is ann a insítear scéal Chú Chulainn, an laoch óg a sheas an fód ar son na nUltach ó Luan tosaigh na Samhna go dtí tús an earraigh, gan ina chuideachta ach a charbadóir Lao, agus é in aghaidh mhórshluaite Ailealla is Mhéibhe. Is ann freisin a déantar cur síos ar a óige, ar a chéad ghaiscí, ar an gcaoi a fuair sé a ainm, agus ar a chomhrac crólinnteach lena chara is a chomhalta, an laoch Connachtach Feardia.
Scannán a Chuirfidh le Tairbhe is Taitneamh an tSaothair
Ba san 11ú hAois a breacadh na leaganacha is sine dá bhfuil againn de Tháin Bó Cuailnge. Is é Darach Ó Scolaí a chuir i Nua-Ghaeilge. San eagrán nua seo, tá innéacs agus gluais curtha leis an mbunleagan, rud a chuirfeadh go mór leis an taitneamh agus agus an tairbhe a bhainfeadh an léitheoir as an leabhar.
Nil aon amhras ach gur scéal é atá go mór i bhfeiliúint don scáileán mór agus go gcuirfidh an scannán nua seo (atá á léiriú ag Deaglán Ó Mocháin agus Pearse Moore) go mór le cáil idirnáisiúnta an scéil.
Luas agus Rithim
“Tá sine nua curtha ag an saothar seo i slabhra athnuachana na Gaeilge. Ó tharla go bhfuil buneachtraí an scéil leagtha síos ag an traidisiún, braitheann feabhas an leagain seo ar chaighdeán na teanga agus na stíle. Caighdeán ard – an cineál is airde – atá ann. Tá an stíl nádúrtha, soléite, saibhir. Tá luas agus rithim ann. Tá beocht sna cuntais. Is cinnte go mbeidh Gaeilgeoirí bródúil as an maisiú seo ar an mílaois úr.”
—An tOllamh Máire Ní Annracháin
“An scéal ó thús deireadh curtha inár láthair go snasta ag Ó Scolaí agus é aistrithe go dílis aige ó na foinsí Meán-Ghaeilge agus Gaeilge shaibhir an lae inniu curtha i mbéal na laochra … Níl aon amhras ann ach gurb í seo ardlitríocht na Gaeilge.” — Maitiú Ó Coimín, Nós
Dílis do Réim Teanga an Bhunleagain
“The freshness and richness of Ó Scolaí’s version are a joy …. The author delights us with the linguistic and stylistic richness of the ancient epic in a modern-Irish version that reflects the original’s spirit and language.”
— Cathal Poirtéir, Books Ireland
“Tá sleachta chomh cumasach sa tsaothar seo le haon rud sa Nua-Ghaeilge. Beidh a rogha féin ag gach éinne, an chaint ghéar, an draíocht, an eachtraíocht bhuile.” — Alan Titley, Comhar.
“Is fada an leabhar seo ag teastáil ó lucht léite na Gaeilge agus níl aon amhras ach gur clasaic a bheas ann in imeacht ama agus go sáraíonn sé leagan Béarla Thomas Kinsella. Fanann an leagan seo dílis do réim teanga an bhunleagain agus san am céanna aimsíonn an t-údar réim chuí teanga i nGaeilge an lae inniu. Sáraíonn Ó Scolaí deacrachtaí na roscanna cainte ón mbunleagan go han-mháistriúil ar fad agus tá na leaganacha de na buntéacsanna filíochta thar a bheith éifeachtach.” — An tOllamh Gearóid Denvir, Comhar
Áit Bhuan Tuillte aige i gCanóin Liteartha na Gaeilge
“Is é an t-oiriúnú údarásach atá déanta ag Ó Scolaí ar an teanga an bua is mó atá ag an leabhar. Tá saibhreas friotail sna blúirí filíochta agus sa phrós féin […] éiríonn leis an údar raon oiriúnach den Ghaeilge chomhaimseartha a fhionnadh tríd an leabhar síos. Is raon teanga é a chuireann blas ársa agus béasaíocht na huaisleachta in iúl go cumasach […] tá ardchaighdeán oiriúnaithe bainte amach ag an údar faoi chlúdaigh rúndiamharacha tharraingteacha an leabhair seo, ní hamháin go bhfuil duaiseanna agus léirmheasanna tuillte aige, ach tá áit bhuan tuillte freisin aige i gcanóin liteartha na Gaeilge, óir is léitheoireacht riachtanach é seo d’aon léitheoir a bhfuil spéis aige/ aici sa teanga agus sa litríocht dhúchasach.”
— Marie Whelton, Léann Teanga: An Reiviú.