An Choill

Liam Mac Cóil

16.00

An Choill;116 lch; clúdach crua; 978 1 909907 69 0

Dúisíonn ridire i lár coille agus é mar a bheadh leanbh ann, gan chuimhne aige ar aon ní, gan a fhios aige fiú cá bhfuil sé. Céim ar chéim cuireann sé aithne ar a thimpeallacht agus tosaíonn ag déanamh a bhealaigh i dtreo an tsolais.

Úrscéal fealsúnach é seo le duine de phríomhscríbhneoirí ár linne, agus é scríofa i bhfaisean an chúigiú haois déag — tús ré na foilsitheoireachta. In An Choill féachann Liam Mac Cóil le dul i ngleic le cás duine de ridirí an Bhoird Chruinn nár éirigh leo an Soitheach Naofa a bhaint amach sa deireadh. Scéal an fhir aineoil sin atá anseo. B’fhéidir gurb é scéal gach aon duine é.

“Is úrscéal sár-nua-aimseartha é seo ina bhfuil an duine ag iarraidh ‘teacht ar a mhise féin’ ar bhóthar an tsaoil ar nós oiread sin laochra le cúpla céad bliain anuas. Ach an oiread leis an ridire, ní foláir duit do léamh féin a dhéanamh air.
Agus déanfaidh mar tá go leor den litríocht i bhfolach ina lúba: an Bíobla gan amhras, an Fhiannaíocht, an diagacht theagascach, ridirí an Bhoird Chruinn, Dante, agus mura bhfuil breall orm léim Wittgenstein amach – ‘an rud nach féidir labhairt faoi is éigean tost mar gheall air.’
Is í an stíl féin, áfach, laoch an leabhair, stíl Nua-Ghaeilge atá gearrtha as agus múnlaithe ar fhriotal an 15ú haois. Gaisce an méid sin. Más dóigh leat go bhfuil tú féin sa choill stíle seo i dtosach, rachaidh tú i dtaithí air go mear.” — Alan Titley, tuairisc.ie

tá leabhair eile leis an údar ar fáil ónár siopa leabhar ar-líne

Agallamh an údair ag an bhFéile litríochta Ghael-Fhrancach: