1 Item

An Odaisé

Hóiméar

7.50

24 pp; paperback; iSBN 978-1-911363-03-3

Sa phictiúrleabhar gleoite seo déantar athinsint do pháistí ar cheann de chlasaicí móra na hEorpa.

Os cionn dhá mhíle bliain ó shin bhí an gaiscíoch iontach Uiliséas ag troid i gCogadh na Traí. Nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh uafásach sin, b’éigeann dó féin agus dá chairde aghaidh a thabhairt ar an aistear farraige abhaile go dtí an Ghréig. Ach bhí contúirtí móra amach rompu fós.

I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.

Sraith sé phictiúrleabhar lándaite do léitheoirí óga atá sa bhailiúchán ‘Clasaicí Beaga Bídeacha’. Sa bhailiúchán seo, tá An Odaisé, Romeo agus Juliet, Frankenstein, Oileán an Órchiste Don Cíochótae agus Camchuairt Ghuilivéir.

Ba é an file Gréagach Hóiméar a chum an Odaisé dhá mhíle bliain ó shin, agus is é Darach Ó Scolai a chuir Gaeilge ar an eagrán giortaithe seo do pháistí.

Cabhair ó Dhia chugainn na clasaicí beaga seo agus teacht ag leanaí Gaelacha anois ar shaothar Shakespeare, Homer, Shelley agus a leithéid. Go deimhin táim cinnte go bhfuil an corrdhuine fásta Gaelach fíorshásta chomh maith go bhfuil teacht acu faoi dheireadh ar leagan soléite (cuma cén teanga) den Odaisé!

Léigh an léirmheas anseo.