1 Item

An Táin

Colmán Ó Raghallaigh

12.00

Cló Mhaigh Eo: 44 lch; clúdach bog; ISBN: 978 1 899922 28 8

Seo insint úr bhríomhar ar an scéal is iomráití i dteanga na hÉireann, scéal a áirítear ar cheann de mhórscéalta an domhain, Táin Bó Cuailgne. Tá uaisleacht, crógacht agus tragóid an bhunscéil léirithe go healaíonta ag Barry Reynolds san úrscéal grafach seo.

Tagann éad as cuimse ar an mbanríon, Méabh, nuair a theipeann uirthi a fear céile, Ailill, a shárú ó thaobh maoine is saibhris de. Aige siúd atá an Fionnbheannach, an tarbh is fearr i gConnachta. Níl ach aon tarbh amháin sa tír a sháródh é, an Donn Cuailgne i gCúige Uladh.

Socraíonn Méabh gur aici féin a bheidh an tarbh sin, agus cuireann sí fios ar mhórshluaite na hÉireann…. Tá an Táin ar mhór-eipic an domhain. Am éigin roimh AD 1106 a scrobhadh sos an Táin sa Leabhar Laighneach. Tá ealan is iontais an chéad leagan sin anseo againn san úrscéal graifice seo.