Fontenoy

Liam Mac Cóil

18.00

Fontenoy: 200 lch; clúdach bog; ISBN 978-1-913814-23-6

Tá an leabhar seo ar fáil ar Kindle

Leabhar na Bliana2006

Captaen óg a throid i mBriogáid Éireannach Arm na Fraince darbh ainm Seán Ó Raghallaigh, d’fhág sé cuntas ina dhiaidh ar chath Fontenoy. Bunaithe ar phrofaí an leabhair sin atá á gcoimeád i gcartlann in Chartres an Fraince, atá an t-úrscéal seo le Liam Mac Cóil.

“NA 10 LEABHAR IS FEARR Ó CHASADH AN CHÉID”

I mbosca 2311 i gcartlann in Chartres na Fraince, fuarthas leathanaigh chlóbhuailte i gcló Gaelach ón 18ú haois. Ar an gcéad leathanach, tá tagairt d’údar mistéireach na bprofaí seo, an Captaen Seán Ó Raghallaigh, agus ábhar an leabhair a bhí idir lámha aige. Tuairisg nó Tuarasgbháil ar an gCath clúmhail ris a ráidhtear Fontenoy fearadh i bhFlóndras san Tír Íochtair san mbliadhain d’aois an Tighearna 1745. Sna leathanaigh seo déantar cur síos ar bhua is ar dhíomua, ar thine ghealáin is ar phaisean is ar ghlóir na cogaíochta.

Bhuaigh an leabhar seo Gradam Uí Shúilleabháin ‘Leabhar na Bliana’ in 2006, roghnaigh an iris Comhar í ar na deich leabhar is fearr ó chasadh an chéid, agus tá sí anois sa tríú cló.

Athghabháil ar Stair na nGael

“The recreation of the world of the Irish soldiers of 250 years ago in their own language is a work of artistry of the first order. There is no other novelist in Irish today who writes with the same care, precision and clarity. The novel is a pleasure to read, and is a work of art.” —Alan Titley, The Irish Times

“Ceann des na húrscéalta is fearr agus is cumhachtaí dá bhfuil léite agamsa le fada. Cuimhnigí ar Luimneach! Ceannaigí Fontenoy!” —Breandán Ó Cróinín, The Limerick Leader

“Ní stair Fontenoy atá anseo, ach athghabháil ar stair na nGael … athghabháil na staire a goideadh uainn agus a chaithimid a ghoid ar ais, fiú más gá an stair sin a chumadh.” —Brian Ó Broin (ACIS, Wisconsin, 2011)