1 Item

Michael Kohlhaas

Heinrich von Kleist

16.00

Úrscéal leis an údar Gearmánach Heinrich von Kleist é Michael Kohlhaas, scéal atá bunaithe ar an bpearsa stairiúil Hans Kohlhase sa 16ú haois.

Éirí Amach in Aghaidh na hÉagóra

Is le linn an Reifirméisin a suitear an t-úrscéal seo a bhaineann le trádálaí capall a éiríonn amach in aghaidh na héagóra. Ag tabhairt eachra chun na Sacsaine atá sé nuair a chuireann oifigeach áitiúil stop leis ar an mbóthar ar an gcúis nach bhfuil na páipéir chearta aige, agus coinníonn sé na capaill i mbannaí air.

Nuair a fhilleann Kohlhaas leis na páipéir chuí tá drochíde tugtha ag an oifigeach do na capaill agus dá ghiolla, agus téann sé chun dlí ina choinne. Agus nuair nach bhfaigheann sé sásamh sa dlí, téann sé chun troda.

Saothar a Chuaigh i bhFeidhm ar Kafka agus ar na Scríbhneoirí Móra

Tá nuaíocht ar leith ag baint le téama (fonn dochloíte cearta a bhaint amach) agus le stíl an úrscéil, agus is saothar é a chuaigh go mór i bhfeidhm ar scríbhneoirí ó shin, Franz Kafka ina measc. “Don Cíochótae dianmhorálta” a thug an fealsamh is scríbhneoir Gearmánach Ernst Bloch ar Mhichael Kohlhaas.

Is é Labhrás Ó Finneadha a rinne an t-aistriúchán.