Tá ríméad ar Leabhar Breac go bhfuil Duais ACIS ‘Leabhar Taighde na Bliana 2023’, a fógraíodh an tseachtain seo, buaite ag Carnabhal na Marbh le Radvan Markus. Seo í duais bhliantúil An Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann.
Léachtóir le Gaeilge agus leis an Léann Éireannach in Ollscoil Shéarlais i bPrág is ea Radvan Markus. Is é a d’aistrigh Cré na Cille go Seicis. Duais bhliantúil í an Duais ACIS a bronntar ar an saothar taighde is fearr i nGaeilge a fhoilsítear gach bliain.
“Leabhar an-sásúil é ar gach bealach”
Arsa an t-údar: “Tá mé an-sásta go bhfuair an leabhar aitheantas mar seo, go háirithe toisc go mbraithim brú áirithe ón gcóras acadúil (ní ó mo roinn féin, atá an-fhlaithiúil agus oscailte) torthaí mo thaighde a fhoilsiú i mBéarla. Ina ainneoin sin, roghnaigh mé an Ghaeilge ar chúiseanna ar leith, ómós don Chadhnach ina measc, le dóchas go sroichfeadh an leabhar a spriocphobal léitheoirí ar an mbealach sin. Tá áthas orm thar cheann Uí Chadhain chomh maith — má chuirimid san áireamh an stádas atá aige i gcritic na Gaeilge, níl a lán monagraf scríofa air in aon chor. Bheinn an-sásta dá spreagfadh an t-aitheantas a fuair mo leabhar tuilleadh taighde ar an gCadhnach, go háirithe anois agus an oiread sin ábhar spreagúil cartlainne ar fáil.
“Fairsinge agus doimhneacht na scríbhneoireachta”
“Agus is mór an onóir dom go bhfuair mé an duais ó ACIS, An Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann – tá siad ar cheann de na heagraíochtaí is mó ar an domhan atá ag plé le Léann na hÉireann agus tá an bhéim ar an nGaeilge agus ar an idirdhisiplíneacht i measc prionsabail a gcuid oibre.”
“Bhaineamar an-taitneamh as an obair chritice, Carnabhal na Marbh, ar úrscéal Mháirtín Uí Chadhain, Cré na Cille. Foilsíodh Cré na Cille i 1949, agus léiríonn Markus gur bhain léitheoirí na linne an-sult as an úrscéal. Déanann an leabhar seo iniúchadh ar ghnéithe éagsúla den úrscéal, á phlé i gcomhthéacs litríochta na hEorpa agus litríocht an domhain.”
“Mar a deir an t-údar, ‘tairgeann an carnabhalachas, an ciclipéideachas, an nua-aoiseachas agus an charachtracht frámaí tábhachtacha léirmhínithe do Cré na Cille sa chomhthéacs domhanda…” Chomh maith leis an gcomhthéacs domhanda, pléitear an ceangal idir Ó Cadhain agus James Joyce, Samuel Beckett agus Brian Ó Nualláin; agus faigheann an léitheoir plé bríomhar ar idirthéacsúlacht sa chaibidil ar an úrscéal agus traidisiún na Gaeilge. Ceann de ghnéithe suntasacha an leabhair ná cé chomh cuimsitheach is atá an plé ar fhoinsí criticiúla ar Ó Cadhain, agus ar fairsinge na tagairtí agus na hábhair atá fite san anailís.”
“Is leabhar an-sásúil é ar gach bealach – fairsinge agus doimhneacht na scríbhneoireachta, an bealach ina bhfuil scoláireacht agus obair chriticiúil eile fite fuaite, an chaoi ina dtagann an leabhar le chéile, cé go bhféadfá gach aon chaibidil a léamh mar aiste ann féin. Is leabhar mealltach, taitneamhach amach is amach é, agus táimid cinnte gur leabhar scoláireachta tábhachtach é i dtaobh litríocht na hÉireann.”
Tuilleadh eolais faoin duais:
https://acisweb.org/2024/07/2023-book-prize-fellowship-winners-announced/
https://leabharbreac.com/shop/leabhair-nua/carnabhal-na-marbh/