0 Earra
Ag ócáid i mBaile Átha Cliath ar an 18 Aibreán, seoladh an t-úrscéal is deireanaí le Diarmuid Johnson, Ceallach. Is é Antain Mac Lochlainn a sheol — agus é sin déanta go habarach le tionlacan bhinn bhlasta Bhríd Harper ar an veidhlín sular léigh Diarmuid féin cúpla mír as a leabhar.

Clúdach | Ceallach“An Rud is Ársa is Iontach”

Ag trácht ar an leabhar dó, is é a dúirt Antain Mac Lochlainn: “Le fírinne, ní féidir insint agus stíl a scaradh ó chéile in Ceallach, mar athraíonn an stíl de réir mar a athraíonn an insint. Agus é ag trácht ar an chreideamh, tá Ceallach tugtha don mheafar agus don tsamhail. Ach bíonn sé iontach spárálach leo agus é ag cur síos ar imeachtaí na mbráithre ó áit go háit. An líon beag meafar agus samhlacha atá ann, ní teibí atá siad ach nithiúil, fódúil. Ní ornáid iad, ach uirlis, le go bhfeicfidh tú, le go gcluinfidh tú, le go mothóidh tú an rud atá faoi thrácht. Agus iad ag seoladh ar muir: ‘An seol ar an gcrann chomh teann le bolg bó roimh bhreith a lao’. Iad ag éisteacht le fuaim an easa ar abhainn mhór na Réine: ‘Foghar an easa ba táin naoi gcéad tarbh.’

“Dar liom,” arsa Antain, “i ndiaidh dom an saothar seo a léamh, go raibh seal caite agam i gcuideachta an Cheallaigh. Rud iontach sin, mar tá bearna, ní hea, tá duibheagán idir muidne agus Ceallach. Duibheagán ama. Duibheagán smaointe. Scríobhaí a bhí i gCeallach agus dar leat gur lámhscríbhinn bhán a bhí in iarthar na hEorpa lena linn, gurbh é Ceallach agus a chomrádaithe a rinne an chéad chónaí i mórán áiteanna ina maireann na mílte agus na milliúin inniu. Mór idir na haimsearaibh.

Leabhar Álainn a Léifear le Práinn

“Agus é ag trácht ar an úrscéal staire, scríobh Nietzsche go mbíonn an bua seo ag an chuid is fearr acu: go scaoileann siad léas solais ón tseanaimsir ar aghaidh ár n-aimsire féin. Tá Diarmuid i ndiaidh solas diamhair, solas annamh, a ligean isteach san úrscéal Gaeilge. Is nua gach sean. An rud is ársa, is iontach.”

Ag trácht ar an leabhar do Mháire Ní Fhinneadha ar Tuairisc is é a dúirt sí, “Seo leabhar álainn a léifear go minic le cion is práinn … Ní bíobla lán soiscéalta is aitheanta atá anseo ach dialann taistil tráth nárbh éasca … “Sinn caite cnámhach, sinn caolghiallach, ceannscáinte, sinn criosfháiscthe cnagchosach, sinn cuasphlucach críonghéagach. Lorg síne agus slí orainn.

Cillín ar Imeallchríocha na Críostaíochta

Sa bhliain 591, chuaigh buíon manach as Beannchar ar eachtra go himeallchríocha na Críostaíochta ag craobhscaoileadh bhriathar Dé. Is é Columbanus Naomh ba cheann feadhna orthu. I measc na ndeisceabal a thug cúl le dúchas in éineacht leis, bhí cléireach darbh ainm Ceallach.

Tar éis aistear eipiciúil mara, seachrán agus cruatan, bhunaigh Columbanus agus Ceallach mainistreacha in oirthear na  Fraince agus i ndeisceart na Gearmáine. Ach tharla easaontas eatarthu, agus rinne Ceallach cill dá chuid féin ar an uaigneas. Sankt Gallen is ainm do láthair na cille sin inniu – cathair agus ionad léinn i dtuaisceart na hEilvéise.

Portráid den údar | portrait of the authorScéal Cheallaigh: “Rich Poetic Language”

Is é scéal na hEorpa atá sa leabhar seo, agus tá cuid de scéal na Gaeilge ann chomh maith, agus de scéal na comaoine a chuir lucht na Gaeilge ar shaoithiúlacht na hEorpa míle go leith bliain ó shin. Cé nár fhill Ceallach ar Éirinn lena bheo, tá scéal a bheatha slán arís.

Ag trácht ar an leabhar san Irish Times, is é a dúirt Áine Ní Ghlinn,.“The rich, poetic language draws us beautifully into Ceallach’s world.”

Léigh an léirmheas ar Tuairisc.ie

Léigh sliocht as an leabhar: ‘An Eoraip’

Léigh “Mé Ceallach: Ag seo mo Scéal” san iris Nós