Faoi dheireadh thiar, tá úrscéal nua Choilm Uí Cheallácháin ar a bealach amach chuig siopaí leabhar ar fud na tíre. Is fada léitheoirí ag fanacht muid leis an gcéad úrscéal ó údar an dá chnuasach gearrscéalta Ré na bhFathach agus Tír Mhilis na mBeo — úrscéal a bhuaigh Duais an Oireachtais agus Buaicshaothar na Bliana 2023.

Colm Ó Ceallacháin, portráid, portraitScéal Grá faoi Scáth an Deachtóra

Scéal grá agus tragóid atá san úrscéal nua, agus is in Éirinn sa tréimhse 1969-1979 a suitear é, ach in Éirinn atá difriúil, ach nach bhfuil ródhifriúil, leis na seachtóidí mar is eol dúinn féin iad. Saol comhthreomhar atá i ndomhan an úrscéil, saol inar thit an chumhacht pholaitiúil i lámha an ‘Ghinearáil’ tar éis Chogadh an Saoirse, agus gurb é an Ginearál is a chlann mhac atá i mbun cumhachta ó shin.

Tragóid in Iarthar Chorcaí

Sa bhliain 1969 a thosaítear an scéal, agus triúr ógánach tagtha le chéile ar thránna iarthar Chorcaí chun an samhradh a chaitheamh in éindí. Ach athraítear a saol ó bhonn nuair a thagann an ceathrú duine ina measc, garmhac an Ghinearáil. Deich mbliana níos deireanaí a thagann deireadh leis an scéal, agus an Ginearál ar leaba a bháis

Féilire an Ghinearáil

Úrscéal é seo atá fréamhaithe, is léir, sa ghearrscéal teidil a d’fhoilsigh sé sa chnuasach deireanach Ré na bhFathach. I saol an ghearrscéil sin agus i saol an úrscéil seo, tá deachtóíireacht i gceannas na tíre ó bhaineamar saoirse amach in 1922. Aithnímid tréithe na deachtóireachta:

Clúdach leabhair, book cover“Amach leis i dtreo na habhann. Liodán dátaí a bhí le siúl aige sular tháinig sé uirthi. Síos Bóthar Nollaig a hOcht leis ar dtús. Bhí seicphointe roimhe ag dhá cheann an bhóthair san, mar ar scrúdaíodh a pháipéir go mionn sular tugadh cead a choise dó. Síos chomh fada le Cé Lúnasa a Fiche a Dó leis ansin. Bhí gardaí ina suí le hais an bhalla ar feadh na cé ar fad, iad ag caitheamh súil leisciúil ar gach éinne a bhí ag dul thart. Toitín i mbéal duine nó beirt, meaisínghunna ar crochadh ó ghualainn gach uile dhuine acu. Níorbh aon áit chuideachta í an ché seo, agus bhrostaigh Caoimhín. Chaith sé súil ar an droichead ansin. Droichead Nollaig a Seacht. A leithéid de theidhe athainmnithe a bhuail muintir Bhaile Átha Luain ó bhí sé anseo go deireanach. Ní léarscáil a theastódh ó dhuine agus é ag siúl an bhaile anois, ach féilire.”

Mar a scríobh Róisín Ní Ghairbhí, “Tá úrscéalaí sciliúil anseo, a thuigeann conas fiosracht a mhúscailt agus léitheoir a mhealladh isteach i scéal … Ón gcéad radharc táimid gafa ag scéal a nochtann de réir a chéile – Eíre faoi dhaorsmacht agus domhan coimhthíoch ann a n-éiríonn leis, mar sin féin, an léitheoir a mhealladh go hiomlán toisc a fheabhas agus a dhéanann an scríbhneoir ionramháil ar charachtair agus ar dheiseanna na húrscéalaíochta.”

Léigh sliocht as an úrscéal.