0 Earra

Trí leabhar atá ag Leabhar Breac ar an ngearrliosta do ghradaim foilsitheoirechta an Oireachtais 2023: Ceallach le Diarmuid Johnson atá ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin; Siúrmó le Jean-Claude Izzo (agus aistrithe ag Bernadette Nic an tSaoir), agus Cuairt San Nioclás le Clement C. Clarke (agus aistrithe ag Darach Ó Scolaí) atá ar an ngearrliosta do Ghradam de Bhaldraithe.

Clúdach Leabhair | Book cover, SiúrmóBuaiteoir le hainmniú i mí Dheireadh Fómhair.

Tréaslaímid a n-ainmniúchán leis na húdair agus leis an aistritheoir agus guímid an t-ádh orthu sna comórtais. Fógrófar na buaiteoirí i dtús mhí Dheireadh Fómhair. Tuairiscítear go bhfuil ríméad an domhain ar an triúr.

Leabhar le léamh ar bhruach na linne snámha

Scéinséir dorcha suite faoi ghrian the na Meánmhara é Siúrmó atá ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe, aistriúchán le Bernadette Nic an tSaoir ar an úrscéal le Jean-Claude Izzo. Mar a deir Maitiú Ó Coimín in Nós: “Tá scil ar leith ag Izzo íomhá iomlán uileghabhálach den chathair a chruthú lena chuid focal – cloistear na fuaimeanna agus blaistear na bolaithe atá timpeall ar Montale agus é ar a dhícheall teacht suas le dúnmharfóirí an scéil … Leabhar an-mhaith a bhí ann le léamh ar bhruach na linne snámha.”

Book cover, Clúdach leabhair“Seoid ar leith gach orlach maoithneach di”

Leabhar eile a ainmníodh ar ghearrliosta Ghradam De Bhaldraithe é Cuairt San Nioclás le Clement C. Clarke. Dán é seo a raibh an-tionchar aige ar an tuiscint atá againn ar an Nollaig. Deirtear gur ann a leagadh béim ar dtús ar Oíche Nollag mar fhéile inti féin, agus gur chuir sé go mór leis an nós féiríní a thabhairt dá chéile faoi Nollaig. Cosúil leis an úrscéal Duan na Nollag le Charles Dickens, chruthaigh ‘Cuairt San Nioclás’ samhail den Nollaig ar ghlac léitheoirí go fonnmhar léi.

Is ón dán seo freisin a thagann ainmneacha na n-ocht réinfhia atá ag San Nioclás — Tintreach, Toirneach, Ruóg, Radaire, Coiméad, Ciúpid, Ruagaire agus Preabaire — agus ba ina dhiaidh sin, sa 20ú haois, a cuireadh Rúdolf leo (Rúdolf, réinfhia an smuit dheirg!).

Arsa Máire Ní Fhinneadha in Tuairisc.ie: “Seo leabhar a bheidh fós sa teach agus na páistí ag tindeáil ar a sliocht féin mar is seod ar leith gach orlach maoithneach di. Leag ar an matal an féirín seo agus beidh do chuid maisiúchán Nollag déanta agat! Is breá liom ainmneacha na réinfhianna cáiliúla siúd.”

Portrait of writer Diarmuid JohnsonTeanga na bhFilí ag Diarmuid Johnson

Ní hiontas ar bith ainmniúchán an leabhair nua le Diarmuid Johnson Ceallach ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, mar is beag leabhar leis le cúig bliana anuas nár rug duais éigin léi.

“The rich, poetic language draws us beautifully into Ceallach’s world.” Áine Ní Ghlinn, The Irish Times.

Os cionn míle ceithre chéad bliain ó shin, thug buíon manach as Éirinn aghaidh ar mhór-roinn na hEorpa chun an creideamh Críostaí a leathadh ar na págánaigh. Thug a n-aistear go dtí an Bhriotáin iad, go dtí an Bhurgóin agus, ansin, ar thuras contúirteach suas abhainn na Réine go dtí an Eilbhéis. Tá aithne ansin fós ar a gceannairí mar Naomh Gall agus Naomh Columbanus. Seo é a scéal.

“Seo leabhar álainn a léifear go minic le cion is práinn … Ní bíobla lán soiscéalta is aitheanta atá anseo ach dialann taistil tráth nárbh éasca … “Sinn caite cnámhach, sinn caolghiallach, ceannscáinte, sinn criosfháiscthe cnagchosach, sinn cuasphlucach críonghéagach. Lorg síne agus slí orainn.” — Máire Ní Fhinneadha, Tuairisc.ie

Fógrófar na buaiteoirí i dtús mhí Dheireadh Fómhair.